Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

Buaiteoirí Ghradaim Mhéara an Chontae Fógartha ag Oíche Cheiliúrtha

Bhí níos mó ná 250 duine ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha ó gach cearn de Chontae na Gaillimhe i láthair ag Gradaim Mhéara an Chontae Déardaoin seo caite an 10 Samhain in Óstán Chois Fharraige. Bhí 38 oibrí deonach a ainmníodh sa chatagóir, ‘Oibrí Deonach na Bliana 2011’, ag feitheamh go neirbhíseach lena raibh i ndán dóibh nuair a fógraíodh Margaret McNulty as Órán Mór mar an buaiteoir. Tá Margaret páirteach i mórán gníomhaíochtaí deonacha in Órán Mór agus sa cheantar máguaird. Tá sí ina Cathaoirleach ar Choiste Bailte Slachtmhara Órán Mór faoi láthair. Bhain siadsan an Gradam Náisiúnta le haghaidh an Bhainc Bhuidéal is Fearr i gComórtas na mBailte Slachtmhara le gairid i mí Mheán Fómhair. Ní hamháin go bhfuil Margaret ina hoibrí díograiseach crua sa phobal, ach tá sé de chumas aici freisin daoine a spreagadh agus a thabhairt le chéile chun cúnamh a thabhairt ina bpobal. I measc na ngníomhaíochtaí eile deonacha a bhfuil Margaret bainteach leo tá Grúpa Seanóirí Órán Mór, Cumann Máistrí Sláintí na Coiribe agus cuireann sí óráidí i láthair scoileanna áitiúla faoi shaincheisteanna comhshaoil freisin. Tar éis di an Gradam speisialta a bhuachan, dúirt Margaret go raibh sí “an-bhuíoch agus faoi dhubh-iontas as an ngradam a fháil, go háirithe nuair a chuirtear an iliomad sároibrithe deonacha eile a raibh an gradam seo tuilte acu san áireamh.”

Cuireadh 35 grúpa pobail agus deonach ar ghearrliosta freisin i seacht gcatagóir eile. Bronnadh dealbh álainn scláta atá bunaithe ar sheolta Húicéir na Gaillimhe ar na buaiteoirí uile. Rinneadh an bonn le cloch na Gaillimhe, agus tá siad ar fad na mílte bliain d’aois.

Ba é an Gradam Spóirt an chéad ghradam a bronnadh. Tugann an gradam seo aitheantas do ghrúpaí a dhírigh ar an líon daoine atá páirteach i spórt a ardú. Bhuaigh Cumann Cluichí Oilimpeacha Speisialta Thuama/Áth Cinn an gradam seo. Cuireann an cumann traenáil snámha agus ghleacaíochta ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta faoi mhíchumas intleachta. Glacann siad páirt sa timthriall Oilimpeach ceithre bliana a chríochnaíonn leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta.

Bhuaigh Forbairt Pobail na Mainistreach an Gradam Glas. Bhí an Mhainistir an-réamhghníomhach lena gClár Bailte Slachtmhara le blianta beaga anuas; ghnóthaigh siad an Baile is Slachtmhaire i gContae na Gaillimhe idir 2005 agus 2010 i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara.

Bhuaigh Féile Ealaíon an Chlocháin an Gradam Ealaíon. Tosaíodh an fhéile sa phobalscoil áitiúil thiar sa bhliain 1977 agus tháinig sí chun cinn mar mhórcheiliúradh pobail ar na healaíona in Éirinn.

Bhuaigh Ionad Fiontair Bhéal Átha na Sluaighe an Gradam Fiontar Pobail. Cuireann an tIonad spás oibre agus seirbhísí tacaíochta ar fáil le cúnamh a thabhairt d’fhiontair nuathionscanta. Tá cúig fhiontar déag ann faoi láthair agus tá níos mó ná 180 duine ar fostú ann.

Ghnóthaigh Caifé Óige Sign Out i bPort Omna Gradam na hÓige. Tugann an gradam seo aitheantas d’iarrachtaí grúpaí a thacaíonn leis an aos óg agus a dhéanann forbairt ar an gcumas atá acu. Stiúrann buíon ógánach idir 15 agus 19 mbliana d’aois an caifé. Soláthraíonn sé réimse mór gníomhaíochtaí do dhaoine óga i gceantar Phort Omna agus sa cheantar máguaird.

Ina dhiaidh sin, bronnadh an Gradam a Thacaíonn le Daoine Breacaosta. Bhuaigh Cumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Phort Omna agus an Cheantair Máguaird an gradam seo. Tá an Cumann i mbun feidhme ón mbliain 2003 i leith. Tugann siad tacaíocht do dhaoine scothaosta sa phobal a lánchumas fisiciúil agus intinne a bhaint amach sa phobal mór.  I measc na ngníomhaíochtaí a eagraíonn siad tá bollaí istigh, ceachtanna cóir agus damhsa, ranganna ríomhaire, galf dhá mhaide, aeróbaic uisce agus tapaíonn siad gach deis le páirt a ghlacadh i bhféilte ar nós na Féile Náisiúnta A.R.A Go On, Lá Fhéile Pádraig agus na Féile Bliantúla ‘Bealtaine’.

Bhain Ionad Acmhainní Teaghlaigh Chlann in Uachtar Ard an Gradam Grúpa Pobail. Tá Clann ag soláthar seirbhísí in Uachtar Ard agus sa cheantar máguaird le beagnach deich mbliana anuas. Stiúrann siad caifé óige, soláthraíonn siad seirbhís chomhairleoireachta agus tacaíochta agus oibríonn siad le gach earnáil den phobal chun seirbhísí a bhfuil uathu a thabhairt dóibh. Tá briseadh síos steiréitíopaí agus cur chun cinn an chomhionannais ina gcuid mhór den obair san ionad.

Dúirt Méara an Chontae, an Comh. Michael Maher, ag an searmanas, “Tá na hoibrithe deonacha fíorthábhachtach do phobail agus is tábhachtach aitheantas a thabhairt dá gcuid iarrachtaí agus iad a cheiliúradh”. Rinne an Bainisteoir Contae, Martina Moloney, comhghairdeas ar son Chomhairle Contae na Gaillimhe leis na daoine uile ar bronnadh gradam orthu agus ghabh sí buíochas le gach duine as a n-am agus a ndúthracht ar mhaithe le hobair dheonach ina bpobail.

 

Gradaim Mhéara an Chontae 2011

Grúpaí á bhFógairt ar an nGearrliosta le haghaidh na Chéad Ócáide de Ghradaim Mhéara an Chontae

Ainmníodh 35 Grúpa Pobail agus Deonach ar ghearrliosta i seacht gcatagóir le haghaidh na chéad ócáide riamh de Ghradaim Mhéara an Chontae a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Dúirt Méara an Chontae, an Comh. Michael Maher, ag seoladh na nGradam, “Tá an-áthas orm go mbeidh mé i m’óstach don chéad ócáid riamh de Ghradaim an Mhéara do Chontae na Gaillimhe. Nuair a rinneadh Méara an Chontae díom níos luaithe i mbliana, bhí sé i gceist agam, i measc nithe eile, aitheantas a thabhairt don tréanobair a dhéanann daoine agus pobail ar fud an chontae agus an obair den scoth seo a cheiliúradh.

Fuarthas 38 ainmniúchán poiblí freisin le haghaidh gradam speisialta, ‘Oibrí Deonach na Bliana’.

Fógrófar na buaiteoirí ag Searmanas Ghradaim Mhéara an Chontae an 10 Samhain 2011.



Ainmniúchán
(, 185 kbs, Last Updated: Máirt, 25 DFómh 2011 15:01:00 BST)

Preaseisiuint
(, 66 kbs, Last Updated: Máirt, 25 DFómh 2011 15:03:00 BST)