Galway County Council

Comm and Enterprise GA

Cosán an tSuímh...

 Cad é atá i gceist le RAPID?

Is éard atá i gceist le RAPID (Athbheochan Ceantar trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt) ná tionscnamh fócasaithe ón Rialtas le díriú isteach ar an 46 cheantar uirbeacha is mó faoi mhíbhuntáiste sa tír. Tá sé mar aidhm leis cinnte a dhéanamh de go dtugtar tús áite do dhul i ngleic le comhchruinniú spásúil agus le heisiamh sóisialta sna ceantair seo, agus áirítear leis Béal Átha na Sluaighe agus Tuaim i nGaillimh. Éilítear freisin de réir an tionscnaimh seo ar Rannóga Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit comhordú níos fearr agus comhtháthú níos dlúithe a chruthú agus a gcuid seirbhísí á soláthar acu. Sainaithníodh Béal Átha na Sluaighe agus Tuaim mar cheantair tosaíochta le haghaidh infheistíocht acmhainní Rialtais in 2001 agus ullmhaíodh agus cuireadh i bhfeidhm plean gníomhaíochta le haghaidh forbairt tionsacadal nua, infheistíochta agus comhordú feabhsaithe idir gníomhaireachtaí náisiúnta agus áitiúla agus pobail faoi stiúir Fhoirne Feidhmithe Ceantair (AITs).

Aontaíodh céim nua de Chlár RAPID sa bhliain 2007 ag díriú ar sheacht réimse téamacha.   Dírítear sna seacht réimse téamacha seo ar shábháilteacht an phobail agus iompar frithshóisialta, ar shláinte, ar thacaíocht teaghlaigh, ar thimpeallacht fhisiciúil, ar oideachas, ar thacaíocht don óige agus ar fhostaíocht agus oiliúint.  

 

Teagmhálacha RAPID

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár RAPID  i mBéal Átha na Sluaighe déan teagmháil le Kieran Coyne @ 091-476507 kcoyne@galwaycoco.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár RAPID i dTuaim déan teagmháil le Ann Mallaghan @ 091-476508 amallaghan@galwaycoco.ie