Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

Seamlais Tí

Déanann Rannóg Tréidliachta Chomhairle Contae na Gaillimhe rialáil ar 10 seamlas tí sa chontae. Tá na seamlais seo ceadúnaithe chun eallaí agus caoirigh a fhaightear go háitiúil a mharú lena soláthar do bhúistéirí, mórdhíoltóirí, miondíoltóirí, agus daoine aonair le cur i domhainreoiteoir.



Cliceáil anseo chun liosta a fháil de seamlais atá á maoirsiú ag Seirbhísí Tréidliachta Chomhairle Contae na Gaillimhe

(pdf, 49 kbs, Last Updated: )

Déanann Seirbhís Tréidliachta Chomhairle Contae na Gaillimhe an obair ar fad a leanas lena chinntiú go bhfuil an caighdeán is airde i leith sláinteachas agus leas sna seamlais seo

- Ceadúnú Seamlais
- Iniúchtaí roimh agus tar éis bháis gach ainmhí a dhéantar a mharú ag C.T. cáilithe
- Iniúchtaí rialta ar na seamlais – Sláinteachas, leas, lipéadú & inrianaitheacht & dramhaíl.
- Búistéirí a cheadúnú chun ainmhí a mharú go daonnachtúil & go sláinteach.
- Sampláil rialta ag na seamlais seo. San áireamh leis seo tá sampláil uisce, sampláil feola le haghaidh iarmhar ceimiceáin (lena n-áirítear antaibheathaigh, frithphéistigh, tionscnóirí fáis neamhdhlíthiúil, suaimhneasán & miotail throma & hormóin) agus sampláil mhicreabhitheolaíoch feola. Tá sampláil iarmhair mar chuid den Plean Náisiúnta um Rialú Iarmhair