Galway County Council

Water Services GA

Cosán an tSuímh...

Seirbhisi Uisce

Céard atá ar bun againn?
Is í Comhairle Contae na Gaillimhe Údarás na Seirbhísí Uisce do Chontae na Gaillimhe ar fad, seachas an Chathair. Tá tuairim is 44 scéim soláthair uisce phoiblí á reachtáil againn, tugaimid tacaíocht do ghrúpscéimeanna uisce agus feidhmímid 26 scéim séarachais don phobal timpeall an Chontae.

Cá bhfuilimid lonnaithe?
Aonad na Seirbhisí Uisce,
2ra Urlár, Ionad Centrepoint,
Páirc Ghnó na Leasa Bháin,
Bóthar Thuama,
Gaillimh.

Úsáid an seoladh poist seo le do thoil:
Aonad na Seirbhisí Uisce,
f/ch Comhairle Contae na Gaillimhe,
Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.

Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?

Ceangal a dhéanamh le Scéim Séarachais Phoiblí
Déantar rialú ar cheangail leis na scéimeanna seo le cinntiú go bhfuil gach scéim ag feidhmiú taobh istigh den chumas atá aici. Má tá fonn ort iarratas a dhéanamh ar cheangal le séarach poiblí, caithfidh tú iarratas a dhéanamh trí Oifig Réigiúnach/Ceantair cuí na Comhairle (féach leathanach 9 i gcomhair liosta de na hOifigí Réigiúnacha/Ceantair). Beidh táille ceangail i gceist.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil:                   091 476401
Ríomhphost:      water@galwaycoco.ie
Idirlíon:             www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiUisce/

Seirbhísí Uisce Eile
Déanann an tAonad Seirbhísí Uisce na nithe seo a leanas a sholáthar freisin:

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil:                     091 476401
Ríomhphost:        water@galwaycoco.ie
 Idirlíon:              www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiUisce/

Ceangal a dhéanamh le Scéim Soláthair Uisce Poiblí

Má tá fonn ort iarratas a dhéanamh ar cheangal le Scéim Soláthair Uisce Phoiblí faoi leith, caithfidh tú iarratas a dhéanamh trí Oifig Réigiúnach/Ceantair cuí na Comhairle (féach leathanach 9 i gcomhair liosta de na hOifigí Réigiúnacha/Ceantair). Beidh táille
ceangail i gceist.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil:                     091 476401
Ríomhphost:        water@galwaycoco.ie
Idirlíon:               www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiUisce/

Grúpscéimeanna Uisce
Tugaimid cúnamh do ghrúpaí ar ábhair a bhaineann le huasghrádú scéimeanna agus le scéimeanna atá ann cheana a thógáil i gcúram chomh maith le scéimeanna nua a sholáthar.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil:                   091 476401
Ríomhphost:      water@galwaycoco.ie
Idirlíon:              www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiUisce/

Deontas do Thoibreacha Aonair
Tá an Chomhairle sásta cabhrú le hindibhidí íoc as na costais thabhaítear le tobar a sholáthar dá dteach. Tá coinníollacha faoi leith ag baint leis seo. Ní bhaineann sé le tithe ina bhfuil soláthar uisce poiblí nó grúpscéim le fáil cheana féin nó inar mbeadh sé sách éasca iad a fháil.

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil:                   091 476401
Ríomhphost:      water@galwaycoco.ie
Idirlíon:              www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiUisce/

Sábháilteacht Uisce a Chur Chun Cinn i gContae na Gaillimhe
Déanaimid feasacht ar shábháilteacht uisce a chur chun cinn le cabhair ó Choiste ar Shábháilteacht Uisce Chontae na Gaillimhe a
fheidhmíonn faoi stiúir Shábháilteacht Uisce na hÉireann. Go hiondúil, déantar cúrsaí ar shábháilteacht uisce a reáchtáil sa
samhradh ar Inis Mór, Inis Meáin, Inis Oírr, Corr na Móna, An Cheathrú Rua, Tír an Fhia, Port Omna, Baile Locha Riach, An
Clochán agus ar thrá Bhóthar na Trá. Bíonn cúrsaí ar fáil ag Leisureland, Gaillimh agus i nDroichead an Chláirín gach Domhnach
ó Dheireadh Fómhair go Meitheamh. Déantar gardaí tarrthála a fhostú le linn séasúr snámha an tsamhraidh ag láthreacha éagsúla
sa Chathair agus sa Chontae.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Shábháilteacht Uisce, déan teagmháil le:
An tOifigeach Forbartha Sábháilteacht Uisce
Teil:                     087 2477765
Ríomhphost:        general@galwaycoco.ie
 Idirlíon:              www.galway.ie/ga/Seirbhisi/AiseannaagusTaitneamhacht/

Cliceáil anseo chun locht a thuairisciú nó iarratas a dhéanamh