Cosán an tSuímh...
Bainistiú Dramhaíola
Bailiúchán Dramhaíl / Araidí Bruscair Teaghlaigh
Cuireann oibreoirí ón earnáil phríobháideach seirbhís sheachtainiúil ar fáil i gContae na Gaillimhe do bhailiúchán dramhaíl tí. Cuireann cuideachtaí éagsúla seirbhísí ar fáil chun dramhaíl a bhailiú ar fud an Chontae. Tá an seirbhís atá ar fáil sa Chontae bunaithe ar sheirbhís bhailiúchán líonta talún agus athchúrsála gach re seachtain.
http://www.galway.ie/en/Services/Environment/WasteManagementRecyclingandWastePrevention/
Ionaid Athchúrsála
Tá trí ionad athchúrsála ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá siad le fáil sa Chlochán, i dTuaim agus i mBéal Átha na Sluaighe.
http://www.galway.ie/en/Services/Environment/WasteManagementRecycling/RecyclingCentres/ chun tuilleadh eolais a fháil.
Bancanna Athchúrsála
Tá an Chomhairle páirteach go díreach i soláthar 93 láthair chun gloine agus cannaí dí a athchúrsáil ar fud an chontae. Tá an-éileamh ar an gcineál seo láthair sa Chontae agus déanfar gach iarracht a chinntiú go mbeidh fáil go forleathan ar na hionaid athchúrsála seo. Má tá suim ag pobal ar bith sa chineál seo áis ba choir dóibh láthair oiriúnach a chomhaontú le Innealtóir an Cheantair agus teagmháil a dhéanamh ansin leis an Rannóg Comhshaoil ag déanamh iarratas a bheith curtha san áireamh in aon chuid den scéim a dhéanfaí a fhorbairt.
http://www.galway.ie/en/Services/Environment/WasteManagementRecycling/BringBanks/ chun tuilleadh eolais a fháil .
Múiríniú
Ba choir do gach duine a bhfuil gairdín acu a bheith ag múiríniú. Déanann múiríniú táirge luachmhar a chruthú ó dhramhaíl organách tí ar nós málaí tae, dríodar caife, píosaí de ghlasraí amh, torthaí agus dramhaíl ghairdín gur féidir a úsáid i do ghairdín agus féadfaidh sé an mhéid dramháil tí a bhíonn le cuir chun bealaigh agat go líonadh talún a laghdú suas le 50%! Tá araidí múirín ar fáil le ceannach ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ar chostar €45 (seachadadh san áireamh go áit ar bith sa Chontae).
http://www.galway.ie/en/Services/Environment/WasteManagementRecycling/Composting/ chun tuilleadh eolais a fháil .
Dramhaíl A Chosc
Tá sé léirithe ag roinnt staidéir go gcuireann muid suas le 1/3 den beatha a cheannaíonn muid amú. Gan aird ar staitistcí tá a fhios again ar fad go gcuirtear cuid den bheatha amú agus tá a fhios again nar féidir linn sin ach an mhéid sin a laghdú de réir iarracht duine ar dhuine. Ar mhaithe le húdair airgeadais, comhshaoil agus eiticiúla ba chóir dhúinn ar fad iarracht a dhéanamh an dramhaíl seo a laghdú.
http://www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/BainistiuDramhaiola/CoscDramhail/ chun tuilleadh eolais a fháil .
Na Rialacháin um Bhainistiú Dramhaíola (Dramháil Bhia) 2009 chun tuilleadh eolais a fháil.
FreeTrade Ireland
Seirbhís phoiblí i FreeTrade Ireland a chuireann ar do chumas earraí a bhailiú agus a chur ar aghaidh saor in aisce. Glac páirt inniu, shábháil airgid agus chosaint na timpeallacht.