Cosán an tSuímh...
Cosc Dramhaíl
Fáilte chuig leathanach cosc dramhaíola Chomhairle Chontae na Gaillimhe. ‘Sí aidhm an leathnaigh seo ná tuiscint maidir le cosc dramhaíola a thabhairt don lucht léitheoireachta agus conas gur féidir leo cur le cosc dramhaíola éifeachtach sa bhaile nó san ionad oibre.Glactar leis go ginearálta go bhfuil breis giniúint dramhaíola go dona don timpeallacht agus gur cheart dúinn iarracht a dhéanamh a laghad dramhaíl agus is féidir a ghiniúint. Cuirfidh sé seo srian ar úsáid acmhainne iomarcach agus cuideoidh le laghdú ar dhamáiste timpeallachta. Déantar é seo tré dhramhaíl a chosc sul má chruthaítear é agus is féidir leis cabhrú le costais diúscartha a laghdú mar mura gcruthaíonn tú é ní bhíonn aon ghá fáil réidh leis.
Céard é Cosc Dramhaíola?
Is féidir cosc dramhaíola a shainmhíniú mar aon ghníomh a shábhálann ar úsáid acmhainne agus a chuireann teorainn ar dhamáiste timpeallachta. Coscadh dramhaíl ag an bhfoinse ginte an rogha is fearr mar mura gcruthaíonn tú é ansin ní gá duit fáil réidh leis ná íoc as seo ach oiread.
Cad is féidir liom a dhéanamh chun Dramhaíl a Chosc?
Is féidir le cosc dramhaíola a bheith deacair agus mar sin ní mór cuimhneamh go bhfuil tionchar dearfach nó diúltach ar ár dtimpeallacht ag gach cinneadh a dhéanann muid ó lá go lá – dá bhrí sin - is linne an rogha ach cuimhnigh is furasta difríocht a dhéanamh. Ciallaíonn cosc roghanna éagsúla a aithint, mar shampla, in ionad 4 úll réamh phacáilte a cheannach, roghnaigh 4 úll scaoilte a bhfuil de thoradh air nach bhfuil bosca polaistiréin nó cairtchlár le clúdach plaisteach dhá thabhairt abhaile leat.
Cosc Dramhaíl san Earnáil Ghnó
Is é atá i gceist le bainistiú a dhéanamh ar do fheidhmíocht comhshaoil ná córais a chur i bhfeidhm laistigh dod ghnó a ligfidh duitse agus dod bhaill foirne réimsí a aithint áit ina dtairgtear iomarca dramhaíola, nó áit a núsaidtear an iomarca fuinnimh nó uisce i rith do ghníomhaíochtaí laethúla.
Tá sé mar aidhm ag an leabhrán "Iompar A Athrú - Acmhainní A Shábháil" an t-eolas riachtanach a chuir ar fáil duit chun cleachtais maithe timpeallachta a chuir i bhfeidhm i do láthair oibre a chabhróidh ní amháin i bhfeabhsú do fheidhmíocht comhshaoil ach ba cheart go sábhálfadh sé riar airgid chomh maith. Tá cuid mhór de na gníomhaíochtaí atá leagtha amach sa leabhrán seo oiriúnach le cur i bhfeidhm i ngnó go ginearálta, ach tá bunaithe ar na torthaí a baineadh amach sa chéad chéim de Chlár na Gaillimhe um Chosc Dramhaíola, a dhírigh go príomha ar eagraíochtaí a phléanann le miondíol, fáilteachas, próiseáil éisc, priontáil agus páipéar.
Is féidir feabhais timpeallachta a bhaint amach trí teicnící deá chleachtais in éifeachtúlacht agus úsáid acmhainne a úsáid. Is féidir é seo a bhaint amach go réasúnta éasca trí staidéar agus monatóireacht a dhéanamh ar chaitheamh acmhainní i rith tréimhse áirithe agus tomhas a dhéanamh ar na torthaí gnó sa tréimhse céanna.
Dramhaíl Bia
Bunaithe ar staidéir atá déanta ag an Ionad um Theicneolaíocht Ghlan i gCorcaigh, tá costas de €700 sa bhliain ar an meán ar chuile theaghlach in Éirinn ag baint le bia a chuirtear amú! I gcásanna áirithe is féidir leis seo ardú go dtí €1,000 sa mbliain! Is cur amú dochreidte airgid agus beatha é seo – smaoinigh ar an saoire a bheadh agat in ionad an bheatha seo ar fad a chaitheamh amach. Smaoinigh an bhfuil gach earra a cheannaíonn tú ag teastáil uait, gach fearas a fhágtar air, gach sconna atá ag rith, gach turas i gcarr nó in eitleán. Lean ár bpríomh mholtaí do chosc ar dhramhaíl.
Ciallaíonn laghdú ar dhramhaíl níos lú trucail ar an mbóthar, níos lú laithreáin dramhaíola agus freisin laghdú ar úsáid fuinnimh. Ciallaíonn laghdú dramhaíola sábháiltí i ngáis CO2 agus gáis ceaptha teasaeile a chruthaíonn athrú aeráideCiallaíonn laghdú dramhaíola gur féidir linn foinsí luachmhara ar nós crainn, ola agus miotail a chaomhnú.
Cliceáil anseo don bhileog ar Cosc ar "Dhramhaíl Sa Bhaile" nó www.stopfoodwaste.ie do bhreis comhairle ar chosc ar dhramhaíl beatha, múiríniú agus oidis.