Cosán an tSuímh...
Fógra Comhairleach re Ardtaoidí Eisithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe Déardaoin 5 Deireadh Fómhair, 2006
Is mian le Comhairle Chontae na Gaillimhe a chur in iúl go bhfuil ardtaoidí neamhchoitianta geallta sna laethanta atá amach romhainn. Ceaptar go mbeidh na taoidí ag an bpointe is airde ag na hamanna a leanas:
An Aoine 6 Deireadh Fómhair: 17:22
An Satharn 7 Deireadh Fómhair: 18:04
An Domhnach 8 Deireadh Fómhair: 06:29 & 18:47
An Luan 9 Deireadh Fómhair : 07:09 & 19:29
Meastar go mbeidh na taoidí níos airde ná mar a bhí siad i Meán Fómhar agus os rud nach mbeidh feabhas ar an aimsir tá baol tuile i gceantair ar thalamh íseal. Tá baol tuile áitiúil ann chomh maith agus dá bharr beidh gá bóithre a dhúnadh agus iarratar ar an bpobal a bheith cúramch agus aird a thabhairt ar chuaillí eolais.
Meastar gur beag baol atá ann d’fhoirgnimh ó thuile. Ach, iarrtar ar chónaitheoirí, úinéirí tí agus gnó i gceantair ar thalamh íseal ina mbíonn tuile, gach réamhchúram a ghlacadh i gcoinne tuile trína gcuid tithe nó áitribh a thabhairt slán.
Chun tuilleadh eolais a fháil chun cosaint ó thuile, téigh go dtí www.flooding.ie
Le do thoil, i gcás éigeandála, gloigh ar 999 nó 112.
ATHCHÚRSÁIL CRAINNTE NOLLAG
(pdf, 77 kbs, Last Updated: )
BAILIÚCHÁN ÁBHAIR CHONTÚIRTEACHA TÍ 2007
(pdf, 87 kbs, Last Updated: )
Iniúchadh Oidhreachta Sé Thrá Brait Ghoirm Chontae na Gaillimhe
(doc, 997 kbs, Last Updated: )
Ardú ar thobhach na Málaí Plaisteacha – 1 Iúil 2007
(pdf, 52 kbs, Last Updated: )

TREOIRLEABHAR DO BHIA DEN SCOTH NA GAILLIMHE
Is é Éamon Ó Cuív, an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a rinne an seoladh ar an Treoirleabhar do Bhia den Scoth na Gaillimhe ar an Máirt, 29 Bealtaine. Tugann an treoirleabhar cuntas ar réimse leathan bia blasta a bhíonn le fáil go háitiúil ó 42 táirgeoir ar fud an Chontae agus is é seo an chéad chéim chun tacú le forbairt ar tionscal an bhia sa Chontae.Tionscnaimh in Aghaidh an Bhruscair agus an Ghraifiti 2008
(doc, 27 kbs, Last Updated: )
NÓTA TREORACH LE HAGHAIDH TIONSCNAMH I gCOINNE BRUSCAIR AGUS GRAIFÍTÍ 2008
(doc, 28 kbs, Last Updated: )
Tionscnaimh in Aghaidh an Bhruscair agus an Ghraifiti 2008
FEIDHM AN RANNÓG COMHSHAOIL
Tá caomhnú agus feabhsú na timpeallachta ar cheann de phríomhaidhmeanna na Comhairle. Teastaíonn uainn timpeallacht a bheidh glan agus sláintiúil, a éascóidh agus a chuirfidh forbairt inbhuanaithe chun cinn a chruthú mar oidhreacht don ghlúin atá romhainn. Ní hamháin go ndéantar monatóireacht agus caomhnú ar an dtimpeallacht nádúrtha ach ar an dtimpeallacht thógtha agus na daoine atá ina gcónaí ann chomh maith ó thaobh sábháilteacht ó dhóiteáin.
Foirm Iarratais ar Chead Dramhaíola
(pdf, 171 kbs, Last Updated: )
FOIRM IARRATAIS AR CHEAD DRAMHAÍOLA

CÉN AIDHM ATÁ LEIS AN LEABHRÁN
Foilsíodh leabhrán nua dár teideal ‘Water Matters’ ar an 22 Meitheamh 2007. Tá sé dírithe ar an bpobal go ginearálta chun iad a chuir ar an eolas maidir le cúrsaí uisce ina gceantair chun gur féidir leo a dtuairim a thabhairt ar cheard ar cheart a dhéanamh. Is doiciméad comhairliúchán poiblí é seo.Bailiuchan Abhair Chontuirteacha Ti
Ta Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur seirbhis bailiuchan abhair chontuirteacha ti ar fail ar an Satharn 8ú Samhain 2008. Beid na Bailiuchain ar siul mar seo a leanas: An Cheathrú Rua, An Spidéal, Corr na Mona, Uachtar Ard, Maerai, An Gort.
Bailiú Saor in Aisce Fearais Leictreachais Tí
(.doc, 151 kbs, Last Updated: )
Bailiú Saor in Aisce Fearais Leictreachais Tí
Beidh Comhairle Contae na Gaillimhe agus WEEE Ireland Ltd ag bailiú dramhaíola leictreachais tí saor in aisce ón bpobal. Is deis é seo seanchuisneoir, oighean, meascthóir, guthán póca, earraí a bhfuil cadhnraí iontu (aon ní a bhfuil plugóid aige nó cadhnra ann!) a thabhairt uait agus a athchúrsáil.
Beidh na bailiúchán seoar suil ar an Satharn 13ú Nollaig Ó 10:00 r.n go 4:00 i.n,, sa:

Cuimhnigh ar an Timpeallacht an Nollaig Seo
Cuimhnigh ar an Timpeallacht an Nollaig Seo
SPEICEAS NUA IASC GARBH FIONNUISCE AIMSITHE IN ÉIRINN
Dáta: 2 Iúil, 2006 Chub – don chéad uair riamh, tugadh le fios go bhfuil speiceas nua den iasc garbh fionnuisce aimsithe in Éirinna.AN ACHT UM THRUALLIÚ Ó BHRUSCAR 1997
(Arna leasú ag an Acht um Chaomhnú Comhshaoil, 2003)
Tá cumhachtaí agus dualgais nua tughta ag an Acht um Thrualliú ó Bhruscar 1997 d’Údaráis Áitiúla chun tabhairt faoin bhfadhb a bhaineann le diúscairt bruscair agus diúscairt mhídhleathach. Tugann an Acht cumhacht do Maoir Pobail agus do na Gardaí chun fíneáil ar an láthair a eisiúint do chionta éagsúla lena n-áirítear cionta a bhaineann le madraí. Beidh sé de dhualgas ar an t’é a bhfaightear a ainm agus seoladh i measc an bhruscair a rinneadh a dhiúscairt go mídhleathach a chruthú nach bhfuil siad freagrach don bhruscar. Caithfidh an tÚdarás Áitiúil Plean Bainistíochta Bruscair a ullmhú ar feidhm fhorchoimeádta é agus ghlac an Comhairle Chontae le plean i 2007. Tá nasc Plean Bainistíochta Bruscair 2007 le fáil thíos.
TABHAIRT AR SHIÚL FEITHICLÍ TRÉIGTHE
Ba cheart feithiclí tréigthe a thuairisciú do Chomhairle Chontae na Gaillimhe, An Rannóg Timpeallachta, ag 091-509302. Déanfaidh Maor Pobail an limistéar lena mbaineann fiosrú i leith gearáin nó tuairiscí a dhéantar.
COMHRAC DÓITEÁIN
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-údarás dóiteáin atá freagrach do chomhrac dóiteáin, chosc dóiteáin, tarrtháil ó dhóiteáin agus seirbhísí eile i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Tá socrú déanta le húdaráis dóiteáin Mhaigh Eo agus Ros Comáin lena bheith freagrach d’oibríochtaí comhraicthe dóiteáin i gceantar thoir agus thoir ó thuaidh sa chontae. Ar an dóigh chéanna, freagraíonn briogáid i nGaillimh d’eachtraí i gcuid de Chontae Ros Comáin, Tiobraid Árann Thuaidh agus i gCo. an Chláir. Rinneadh na socruithe seo de bharr lonnaíocht na stáisiúin dóiteáin i dtaobh cathracha agus bailte. Tá ceanncheathrú an tseirbhís dóiteáin lonnaithe i Stáisiún Dóiteán Chathair na Gaillimhe agus is ann atá na hoifigigh dóiteáin sinsearacha lonnaithe. Tá 10 Stáisiún Dóiteán ar fad lonnaithe i mbailte ar fud an chontae – Cathair na Gaillimhe, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, Tuaim, Béal Átha na Sluaighe, An Chreagán, Port Omna, An Gort, An Clochán agus Cill Rónáin. Tá fearais dóiteáin sna stáisiúin dóiteáin seo ar fad lena n-áirítear trealamh tarrthála agus trealamh speisialta eile a theastaíonn chun déileáil le heachtraí laistigh dá limistéir féin.