Cosán an tSuímh...
TRUAILLIÚ TORAINN AGUS AEIR A RIALÚ
De réir Rialacháin an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Torann) 1994, is féidir le duine gearán a dhéanamh don Chúirt Dúiche i leith truailliú torainn, ie. aon torann a chuireann isteach go mór ar dhuine. Féadfaidh an Ghníomaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nó an údarás áitiúil gearáin a dhéanamh chomh maith. Is féidir teacht ar bhileoga mínithe agus cóipeanna de fógraí a chaithfear a chur isteach roimh gearán a dhéanamh don Chúirt, a fháil ón Rannóg Timpeallachta.
De réir an Acht um Thruailliú Aeir 1987, tá sé de dhualgas ar údaráis aitiúla bearta a ghlacadh de réir mar a bheartaíonn siad iad a bheith cuí chun truailliú aeir a chosc nó a laghdú ina limistéir agus caithfear ceadúnais a fháil ón údarás áitiúil chun gléasraí éagsúla tionscail a fheidhmiú. Níl aon cheadúnas den cineál seo eisithe ag an gComhairle go dtí seo.