Cosán an tSuímh...
MONATÓIREACHT AR CHÁILÍOCHT UISCE
Tá clár ag an gComhairle féin chun monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht uisce ina cheantair agus tacaíonn sé le Saotharlann Réigiúnach an G.C.C. i leith an ábhar seo chomh maith. Déantar gach tuairisc a cuireadh i leith truailliú uisce a fhiosrú agus nuair a bhíonn dóthain fianaise curtha le chéile, déanfar ionchúisimh faoin Acht um Thruailliú Uisce a thionscnamh. Freisin, tá an Comhairle ag cur Straitéis Bhainistíochta ar Abhantrach na Coiribe le chéile i gcomhar leis na comhlachtaí stáit, feirmeoireachta agus iascaigh cuí. San áireamh leis seo beidh Suirbhé ar Thascanna Feirme le déanamh chun úsáid leasacháin agus an tionchar féidearthach atá acu ar uiscí Loch Coirib agus a habhantrach a fhiosrú.