Cosán an tSuímh...
Seirthisi Comhshaoil
Céard atá ar bun againn?
Bíonn an tAonad Comhshaoil ag plé le bainistiú dramhaíola, feasacht agus oideachas ar an gcomhshaol, forfheidhmiú i leith an
chomhshaoil, bainistíocht bruscair, monatóireacht ar chaighdeán uisce, truailliú torainn & aeir, reiligí, tránna le bratach ghorm,
láithreáin dhearóile, láithreáin champála & carbhán, feithiclí tréigthe, smacht ar mhadraí agus leas ainmhithe.
Cá bhfuilimid lonnaithe?
An tAonad Comhshaoil,
2ra Urlár, Ionad Centrepoint,
Páirc Ghnó na Leasa Bháin,
Gaillimh.
Úsáid an seoladh poist seo le do thoil:
An tAonad Comhshaoil,
f/ch Comhairle Contae na Gaillimhe,
Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Cén chaoi le dul i dteagmháil linn?
- Buail isteach ag an gCuntar Comhshaoil i Lios Bán Luan - Aoine 9.00rn - 4.00in
- Cuir glaoch ar an bpríomhuimhir Chomhshaoil 091 476402. Tá na línte fóin ar oscailt go dtí a 5.00in
- Cuir glaoch ar an uimhir theagmhála dhíreach má tá sé luaite leis an tseirbhís
- Ríomhphost environment@galwaycoco.ie
- Logáil isteach ar www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
- Facs ag 091 769590
,
Cén Chaoi le Gearán Comhshaoil a Dhéanamh
Is féidir gearán a dhéanamh maidir le ceann ar bith de na nithe seo a leanas:
- Bruscar a Chaitheamh & Dumpáil Mhídhleathach
- Truailliú Uisce
- Truailliú Torain
- Truailliú Aeir
- Loscadh sa Chúlchlós
- Feithiclí Tréigthe
- Struchtúir Chontúirteacha
Le gearán a dhéanamh téigh i dteagmháil le:
Teil: 091 476402
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Soláthar Reilige
Is breá leis an gComhairle comhpháirtíocht a dhéanamh le grúpaí áitiúla a dhéanann oibreacha forbartha iad féin le cúnamh ón gComhairle. Tá soláthar agus síneadh reilige ag brath ar rialacháin phleanála.
Deontais d'Oibreacha Cothabhála Reilige
Is féidir le grúpaí deonacha iarratas a dhéanamh ar dheontais chothabhála nach mó ná €450.00 i leith caiteachais ar chothabháil reilige.
Le tuilleadh eolais a fháil ar sholáthar agus cothabháil reilige, déan teagmháil le:
Teil: 091 476476
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/

Athchúrsáil Dramhaíola
Tá ionaid athchúrsála ag Comhairle Contae na Gaillimhe sa Chlochán, i dTuaim agus i mBéal Átha na Sluaighe. Is féidir nithe cosúil le gloine, earraí leictreacha, dramhaíl ghuaiseach ón mbaile, plaisteach srl. a athchúrsáil ag na hIonaid Athchúrsála. Le bhur dtoil, cuir glaoch ar an uimhir atá luaite chun a fháil amach cé na nithe a athchúrsáiltear.
Ionaid Athchúrsála
Ionad Athchúrsála |
Áit |
Uaireanta Oscailte |
Teagmháil |
|---|---|---|---|
| Ionad Athchúrsála Chathartha an Chlocháin |
Bóthar na |
Luan & Sath: |
095 30958 |
| Ionad Athchúrsála Chathartha Thuama |
Bóthar Bhaile |
Luan - Déar: |
093 26438 |
| Ionad Athchúrsála Bhéal Átha na Sluaighe |
Láithreán |
Máirt, Déar & Sath: 8.30rn - 4.30 in (Seachas Laethanta Saoire Bainc) |
09096 44533 |
Bancanna Tabhartais
Tá 92 suíomh Bancanna Tabhartais ag an gComhairle faoi láthair le hathchúrsáil a dhéanamh ar ghloine agus cannaí dí ar fud an
Chontae.
Chun eolas a fháil ar shuíomh an Bancanna Tabhartais is giorra duit, déan teagmháil le:
Teil: 091 476402
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Ceadúnais & Ceada Dramhaíola
Tá gá le ceadúnas ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) do ghnóthaí dramhaíola ar mhórscála. Caithfear cead
dramhaíola a fháil ón gComhairle do ghnóthaí beaga.
Ceadúnais do Bhailitheoirí Dramhaíola
Má tá tú ag baint úsáide as seirbhísí curtha ar fáil ag bailitheoir dramhaíola príobháideach déan cinnte go bhfuil ceadúnas dleathach do bhailitheoirí dramhaíola aige nó aici. Tá sé in aghaidh an dlí do mhuintir an phobail a gcuid dramhaíola a thabhairt do bhailitheoirí gan cheadúnas reatha do bhailitheoirí dramhaíola.
Le tuilleadh eolais ar cheada dramhaíola, déan teagmháil le:
Teil: 091 476479
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Gradaim Chomhshaoil an Chontae
Eagraímid Scéim Gradaim Comhshaoil sa Chontae gach bliain le haitheantas a thabhairt do ghrúpaí deonacha ar fud an Chontae a
dhéanann iarracht feabhas a chur ar an gcomhshaol timpeall orthu agus chun buíochas a ghabháil leo. Déantar an scéim a fhógairt i mí na Bealtaine/Meitheam de ghnáth agus lorgaítear iarratais ansin. Déantar cigireacht ar na hiarratais go léir agus tugtar na gradaim de bharr leibhéal na hiarrachta agus an chroídhíchill.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na duaiseanna seo, déan teagmháil le:
Teil: 091 476492
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Tionscnaimh in Aghaidh an Bhruscair
Déanaimid cómhaoiniú ar thionscnaimh áitiúla chun oideachas a chur ar an bpobal faoi bhruscar agus chun feasacht ar bhruscar a
ardú. Tugtar cuireadh do bhaill an phobail, indibhidí agus grúpaí araon (de ghnáth i Lúnasa/Meán Fómhair) tionscnaimh fheiliúnacha in aghaidh an bhruscair a mholadh le haghaidh maoinithe. Is féidir deontas suas le 70% den chostas iomlán a fháil do gach tionscnamh agus déantar an fuílleach a íoc le ranníocaíocht áitiúil.
Le breis eolais a fháil ar an gcaoi le páirt a ghlacadh, déan teagmháil le:
Teil: 091 476485
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/seirbhisi/Timpeallacht/
Glantachán Náisiúnta Earraigh
Glacaimid páirt ghníomhach sa Ghlantachán Náisiúnta Earraigh i gcomhar le Taisce chun tacú le pobail agus chun iad a spreagadh
chun páirt a ghlacadh i nglantacháin áitiúla.
Le glantachán a eagrú nó páirt a ghlacadh ann, déan teagmháil le:
Teil: 091 476485
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/seirbhisi/Timpeallacht/

Múiríniú
Is bealach an-eacnamaíoch é múiríniú baile le laghdú ar líon na dramhaíola a chuireann tú chuig an líonadh talún. Tá dramhaíl
orgánach feiliúnach do mhúiríniú, lena n-áirítear torthaí, cosamar glasraí amha, málaí tae agus blaoscanna uibhe. Tá múiríneoirí baile le fáil uainn ar chostas íseal.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi mhúiríniú, déan teagmháil le:
Teil: 091 476478
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Comórtas na mBailte Slachtmhara
Tugaimid tacaíochta do Ghrúpaí na mBailte Slachtmhara chun cabhrú leo i gComórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhara. Chomh
maith le bheith ag obair le grúpaí sonracha, déanaimid imeachtaí a eagrú a chabhraíonn go mór leis na grúpaí bailte slachtmara uile sa Chontae.
Má tá do ghrúpa ag iarraidh níos mó eolais a fháil ar na Bailte Slachtmhara, déan teagmháil le:
Teil: 091 476402
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Tránna le Bratach Ghorm
Tugtar an Bhratach Ghorm do thránna agus muiríní a bhaineann sraith áirithe critéar amach, cosúil le heolas agus oideachas ar an
gcomhshaol, cáilíocht uisce, sábháilteacht agus seirbhísí agus bainistíocht comhshaoil.
Chun eolas a fháil ar na tránna ag a bhfuil stádas na Brataí Goirme acu faoi lathair, déan teagmháil le:
Teil: 091 476492
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Dámhachtain an Chósta Ghlais
Is éard atá i nDámhachtain an Chósta Ghlais ná duais nua a thacaíonn le Dámhachtain na Brataí Goirme. Tugann sé aitheantas
do thránna ag a bhfuil cáilíocht uisce snámha ag caighdeán an AE, ach freisin go bhfuil an-cháil orthu as ucht a dtimpeallacht nádúrtha, gan mhilleadh. Aithníonn an dámhachtain an baint atá ag an bpobal i mbainistíocht an chósta agus tugann sé faoi deara nach mbíonn an leibhéal céanna infreastruchtúir agus dianbhainistíochta ag tránna áirithe agus a bhíonn ag tránna i dtrá-bhailte uirbeacha, traidisiúnta.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Dámhachtain an Chósta Ghlais, déan teagmháil le:
Teil: 091 476492
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Áiteanna & Struchtúir Chontúirteacha
Tá sé de chumhacht ag an gComhairle déileáil le struchtúir agus áiteanna atá contúirteach nó atá i mbaol a bheith contúirteach don phobal nó do réadmhaoin eile. Is féidir Fógra a sheirbheáil ar úinéir foirgneamh/struchtúr den chineál sin chun iallach a chur air/uirthi oibreacha a dhéanamh ar an suíomh.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil: 091 476402
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Ceadúnú Láithreáin Champála & Charbhán
Eisímid ceadúnais go bliantúil i leith suíomh a bhíonn ag feidhmiú mar láithreáin champála agus charbhán. Déantar na hiarratais a
mheasúnú le cinntiú go bhfuil na suímh ar an gcaighdeán éilithe.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil: 091 476481
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Ceadúnú Substaintí Contúirteacha
Tá de chumhacht ag an gComhairle ceadúnais a eisiúint d'áitribh a dhíolann substaintí contúirteacha, stáisiúin pheitril don chuid is mó.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil: 091 476402
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Rialú & Feabhsú Láithreán Dearóil
Tá sé de dhualgas ar an gComhairle clár na láithreán dearóil a chruthú agus a choinneáil. Déantar iniúchadh ar gach tuairisc a
fhaightear maidir le láithreán dearóil agus nuair is féidir teacht ar an úinéir, déantar fógra a sheirbheáil chun obair a dhéanamh leis an láithreán dearóil a réiteach.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Teil: 091 476481
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/
Leas Ainmhithe
Tá ár seirbhís tréidliachta freagrach as leas ainmhithe i roinnt aimistéar, lena n-áirítear:
- Leas ainmhithe roimh a marú i seamlas
- Leas caorach i gcásanna de ghalar scrathach caorach
- Leas madraí
- Leas capall
Leas na n-ainmhithe go léir
Gach bliain i nGaillimh tá roinnt mhaith ionsaithe ar chaoirigh déanta ag madraí go háirithe timpeall ar aimsir na n-uan. Más leat madra nó madraí, tá sé de dhualgas ort faoin reachtaíocht:
- Do mhadra a choinneáil faoi smacht an t-am ar fad.
- Déanamh cinnte go bhfuil gach madra faoi do chúram ag caitheamh coiléir le hainm agus seoladh an úinéara air i gcónaí
agus gur féidir an t-ainm agus an seoladh a léamh. - Go bhfuil ceadúnas reatha agat do gach madra faoi do chúram nó ceadúnas ginearálta a chlúdaíonn na madraí ar fad atá agat.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Leas Ainmhithe, déan teagmháil le:
An tSeirbhís Tréidliachta
Teil: 091 476496
Ríomhphost: vetservice@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiTreidliachta/
Smacht ar Mhadraí
Bíonn dualgais áirithe ar ár Maoir Mhadraí, lena n-áirítear:
- Madraí fánacha a urghabháil
- Cúram a thabhairt do mhadraí a urghabhadh
- Seiceáil i gcomhair ceadúnais mhadraí
- Bailte nua oiriúnacha a fháil do mhadraí feiliúnacha
- Teagmháil a dhéanamh le baill an phobail atá buartha faoi mhadraí fánacha / contúirteacha / nach bhfuil faoi smacht
- Fíneálacha ar an láthair a eisiúint
Cén chaoi le Ceadúnas Madra a fháil
Is féidir Ceadúnas Madra a fháil ó d'Oifig an Phoist Áitiúil.
Le tuilleadh eolais a fháil ar smacht ar Mhadraí,
déan teagmháil le:
Teil: 091 476496
Ríomhphost: vetservice@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/SeirbhisiTreidliachta/
Nó déan teagmháil leis an Maor Madraí i do cheantar:
An tUasal Sean Donohue (Gaillimh Theas) 087 6784570
An tUasal Nicholas Byrne (Gaillimh Thiar) 087 6993422
An tUasal Pat Fahy (Gaillimh Thuaidh) 087 6295530
Seirbhísí Comhshaoil Eile
Is féidir na seirbhísí seo a leanas a fháil ón Aonad Comhshaoil freisin:
- Foirm Iarratais do chéad chlárú miondíoltóirí leis an údarás áitiúil (WEEE)
- Foirm Iarratais d'athchlárú miondíoltóirí leis an údarás áitiúil (WEEE)
- Iarratas ar cheadúnas le heisilteach trádála nó ábhar eile (seachas séarachas tí nó uisce stoirme) a scaoileadh.
- Iarratas ar cheadúnas le heisilteach trádála nó séarachas a scaoileadh isteach in uiscí
- Foirm Iarratais do Chéad Chlárú na dTáirgeoirí faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí a bhfuil a Ré
Caite) 2006 - Foirm Iarratais do'Athnuachan Cláraithe faoi na
Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) 2006.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí seo, déan teagmháil le:
Teil: 091 476402
Ríomhphost: environment@galwaycoco.ie
Idirlíon: www.galway.ie/ga/Seirbhisi/Timpeallacht/