Galway County Council

Environment GA

Cosán an tSuímh...

COSC DÓITEÁIN

Tá sé d’fhreagracht ar an rannóg do chosc dóiteáin a chinntiú go bhfuil caighdeáin dóiteáin sásúil i bhfeidhm i bhfoirgnimh nua agus reatha, ina bhfuil baill den phobal ina gcónaí iontu (ach amháin tithe cónaithe príobháideacha). Is é an Príomh-Oifigeach Dóiteáin a scrúdaíonn iarratais ar Chead Pleanála agus ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteáin (DSD). Déantar iniúchtaí ar ionaid siamsaíochta poiblí i rith léirithe lena chinntiú go bhfuil dóthain caigdeáin sábháilteachta ó dhóiteáin i bhfeidhm. Tugann an Príomh-Oifigeach Dóiteáin agus a fhoireann cainteanna agus seimineáir poiblí chun feasacht an phobail ar shábháilteacht dóiteáin agus cosc dóiteáin a fheabhsú. Chun tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí a chuireann Seirbhís Dóiteáin na Gaillimhe ar fáil, déan teagmháil leis an Príomh-Oifigeach Dóiteáin, Stáisiún Dóiteáin na Gaillimhe, Gaillimh (Fón: 091-585555).