Cosán an tSuímh...
COMHRAC DÓITEÁIN
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-údarás dóiteáin atá freagrach do chomhrac dóiteáin, chosc dóiteáin, tarrtháil ó dhóiteáin agus seirbhísí eile i gCathair agus i gContae na Gaillimhe. Tá socrú déanta le húdaráis dóiteáin Mhaigh Eo agus Ros Comáin lena bheith freagrach d’oibríochtaí comhraicthe dóiteáin i gceantar thoir agus thoir ó thuaidh sa chontae. Ar an dóigh chéanna, freagraíonn briogáid i nGaillimh d’eachtraí i gcuid de Chontae Ros Comáin, Tiobraid Árann Thuaidh agus i gCo. an Chláir. Rinneadh na socruithe seo de bharr lonnaíocht na stáisiúin dóiteáin i dtaobh cathracha agus bailte. Tá ceanncheathrú an tseirbhís dóiteáin lonnaithe i Stáisiún Dóiteán Chathair na Gaillimhe agus is ann atá na hoifigigh dóiteáin sinsearacha lonnaithe. Tá 10 Stáisiún Dóiteán ar fad lonnaithe i mbailte ar fud an chontae – Cathair na Gaillimhe, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, Tuaim, Béal Átha na Sluaighe, An Chreagán, Port Omna, An Gort, An Clochán agus Cill Rónáin. Tá fearais dóiteáin sna stáisiúin dóiteáin seo ar fad lena n-áirítear trealamh tarrthála agus trealamh speisialta eile a theastaíonn chun déileáil le heachtraí laistigh dá limistéir féin.