Galway County Council

Environment GA

Cosán an tSuímh...



Clár Oibre Áitiúil 21-Foirm Iarratais 2011
An bhfuil tionscadal agat a d’fhéadfadh cuir leis na leibhéil áitiúil d’fheasacht chomhshaoil atá ag méadú i gcónaí nó ceann a dhéanann cur chun cinn ar phobail glasa níos inmharthana a thógáil? Más féidir, seans go gcáileoidh tú do thacaíocht airgeadais ó Chiste Comhpháirtíochta Comhshaoil 2011 – Clár Oibre Áitiúil 21. Cuireann an Ciste forbairt inmharthana chun cinn trí cabhrú le tograí timpeallachta neamh-bhrabúsach ar scála beag ag leibhéal áitiúil. Ba cheart go ndíreodh tograí ar fheasacht timpeallachta agus gníomh a chuireann le polasaithe timpeallachta náisiúnta cosúil leo siúd i leith Dramhaíl, Bithéagsúlacht, Caomhnú Uisce agus Athrú Aeráide. Má tá tuilleadh eolais uait chomh maith le foirm iarratais déan teagmháil leis an Rannóg Timpeallachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe ar (091) 476491 nó environment@galwaycoco.ie Ba chóir iarratais a bheith seolta ar ais chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh 4.00 i.n. Deardaoin 19ú Mean Fomhair 2011. (pdf, 1,148 kbs, Last Updated: Luan, 10 DFómh 2011 14:48:00 BST)

CLÁR 21 ÁITIÚIL

Tá Clár 21 Áitiúil mar chuid den phróiseas chun sainmhíniú agus leiriú a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann le forbairt inbhuanaithe ag leibhéal áitiúil/réigiúnach ar fhorbairt inbhuanaithe agus conas gur féidir iad seo a shaothrú. Mar chuid de Chlár 21 caithfear gníomhú ag leibhéil éagsúla: áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag ullmhú Plean Clár 21 Áitiúil don chontae. An aidhm atá le CÁ 21 ná go mbeadh muid ar fad ábalta maireachtáil ar shli inmharthana agus gan fadhbanna a chruthú don ghlúin atá romhainn.

Tá sé i gceist ag Comhairle Chontae na Gaillimhe castáil le grúpaí pobail agus grúpaí deonacha chun an plean seo a chur le chéile.

Má tá suim agat páirt a glacadh sa bpróiseas, déan teagmháil linn ag 091-476402