Cosán an tSuímh...
RÉAMHRÁ
Is é cuspóir an Aonaid Tithíochta lóistín cuí tithíochta agus seirbhís fhreagrúil thacúil tithíochta a sholáthar dóibh siúd a bhfuil gá acu le cúnamh. Déanann an tAonad iarracht líonta tí a chumasú teacht ar áitreabh inacmhainne ar chaighdeán maith, atá oiriúnach dá riachtanais, i dtimpeallacht mhaith agus chomh fada agus is féidir ag tionacht dá rogha. Is iad seo a leanas príomh ghníomhaíochtaí an Aonaid Tithíochta:
- Tithíocht údaráis áitiúil a Sholáthar agus a Chothabháil
- Tithíocht Inacmhainne a Sholáthar
- Tithíocht dheonach cheadaithe nó tithíocht neamh bhrabúis a éascú
- Lóistín don Lucht Siúil a sholáthar
- Bainistíocht Eastáit
- Scéimeanna Iasachtaí
- Tithíochta a chur i bhfeidhm
- Scéimeanna Deontais do Dhaoine Faoi Mhíchumas agus Deisithe Riachtanacha a sholáthar
- Caighdeáin tithíochta d’áitribh ar cíos go príobháideach a chur i bhfeidhm
Féadfar teacht ar eolas faoi na feidhmeanna thuas tríd an roghchlár ar Sheirbhísí Tithíochta, agus féadfar teacht ar thuarascáil ar dhul chun cinn sna réimsí ar “Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn na Tithíochta”. Is féidir teacht ar Fhoirmeacha Iarratais agus doiciméid Treorach do na feidhmeanna seo go léir agus iad a íoslódáil tríd an roghchlár “ href="SiteManager?ctfn=hierarchy&fnno=10&sid=1388">Foirmeacha Tithíochta".