Cosán an tSuímh...
TITHÍOCHT DHEONACH
Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí tithíochta deonaí i soláthar tithíocht ar cíos ar fud na tíre do dhaoine nach mbeadh ar a gcumas íoc as cóiríocht oiriúnach as a stuaim féin. Agus aird a thabhairt acu ar riachtanais áitiúla déanann na comhlachtaí tithíochta deonaí cinneadh maidir leis an gcineál seirbhísí/tionscadail thithíochta a sholáthróidh siad agus tá siad freagrach as leithdháileadh tionóntachta i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla. Is eagraíochtaí neamh bhrabúsacha iad a bhfuil baint acu le cuidiú le riachtanais thithíochta agus feidhmíonn siad i bhfoirm comharchumainn dhlíthiúla. Chun cáiliú do chúnaimh airgeadais agus tacaíochtaí eile chun tithíocht a sholáthar caithfidh a leithéidí seo de chomhlachtaí a bheith ceadaithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
Soláthraíonn Comhairle Thithíocht Shóisialta na hÉireann, (ICSH), 50 Cearnóg Mhuirfean Thoir, Baile Átha Cliath 2 (Láithreán Gréasáin www.icsh.ie) eolas agus comhairle maidir le comhlachtaí tithíochta deonaí a bhunú agus a bhainistiú.
Tugann údaráis áitiúla agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil tacaíocht do thithíocht dheonach faoi dhá scéim ar leithligh mar seo a leanas:-
An Scéim Cúnaimh Chaipitil a sholáthraíonn cóiríocht, aonaid le ceann nó péire seomraí codlata go ginearálta, le freastal ar riachtanais thithíochta speisialta do dhaoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine gan dídean, nó teaghlaigh le líon daoine níos lú, agus
An Scéim Fordheontais agus Iasacht Chaipitil a sholáthraíonn tithíocht ar chíos, chun freastal ar riachtanais theaghlaigh ar ioncam íseal go háirithe.
AN SCÉIM CÚNAIMH CHAIPITIL
Faoin scéim seo soláthraíonn comhlachtaí tithíochta deonaí cóiríocht, aonaid le ceann nó péire seomraí codlata iontu go ginearálta, le freastal ar riachtanais thithíochta speisialta do dhaoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine gan dídean, nó teaghlaigh le líon daoine níos lú. Agus aird a thabhairt acu ar riachtanais áitiúla déanann na comhlachtaí tithíochta deonaí cinneadh maidir leis an gcineál seirbhísí/tionscadail thithíochta a sholáthróidh siad agus tá siad freagrach as leithdháileadh tionóntachta i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla. Tá ar a laghad 75% de na tithe i ngach tionscadal curtha in áirithe do dhaoine a bhfuil a gcuid iarratais ar thithíocht údarás áitiúil ceadaithe ag an údarás áitiúil, do dhaoine gan dídean nó tionóntaí an údaráis áitiúil nó ceannaitheoirí atá ag tabhairt a gcuid tithe cónaithe ar ais don údarás áitiúil. Tugtar an chuid eile de thithe an tionscadail do dhaoine atá ainmnithe ag an gcomhlacht tithíochta deonaí. Braitheann an cíos ar mhaoin an tionónta agus ar an gcostas a bhaineann le cothabháil agus le bainistiú na dtithe cónaithe.AN SCÉIM FORDHEONTAIS & IASACHT CAIPITIL
Faoin scéim seo soláthraíonn na comhlachtaí tithíochta deonaí tithíocht ar cíos le freastal go háirithe ar riachtanais theaghlaigh ar ioncam íseal. Ligeann na comhlachtaí tithíochta deonaí na tithe le daoine a bhfuil a gcuid iarratas ar tithíocht údarás áitiúil ceadaithe ag an údarás áitiúil. Braitheann an cíos ar do chumas íocaíochta, agus tógtar san áireamh imthosca agus tuilleamh an teaghlaigh. Bíonn tionóntaí na dtithe ag croí lár bhainistiú a gcuid eastát..
TIONÓNTACHT NA GCOMHLACHTAÍ TITHÍOCHTA DEONAÍ
Íocann an tionónta cíos seachtainiúil leis an gComhlacht Deonach ar áit chónaithe ar cíos. Tógann na comhlachtaí tithíochta deonaí maoin an tionónta agus an costas a bhaineann le háiteanna cónaithe a sholáthar agus a chothabháil san áireamh agus iad ag socrú an chíosa. D’fhéadfadh cúnamh a bheith ar fáil faoin Scéim Liúntas Leasa Forlíontaigh chun cuidiú leis na háiteanna cónaithe sin a thógáil ar cíos.
Is é an Comhlacht Ceadaithe a sholáthraíonn an tithíocht a dhéanann bainistiú agus cothabháil ar na Scéimeanna Tithíochta Deonaí ar fad. Is í aidhm na Scéime Fordheontais agus Iasacht Caipitil rannpháirtíocht na dtionóntaí a spreagadh trí bhoird bhainistíochta a chothú ina mbíonn baint ag na tionóntaí le bainistiú na dtithe.
Ní féidir le tionóntaí na Scéimeanna Tithíochta Deonaí na tithe atá acu ar cíos a cheannach.
Tá an raon seo a leanas ó thaobh cuidiú ar fáil do thionóntaí na scéime tithíochta deonaí a thugann a gcuid tithe ar ais don chomhlacht deonach agus súil acu a dteach féin a cheannach:
- An Scéim Liúntais Morgáiste,
- díolúine ó theorainneacha ioncaim d’Úinéireacht Roinnte
- díolúine ó theorainneacha ioncaim don Scéim Tithíochta Inacmhainne
- díolúine ó theorainneacha ioncaim Iasachtaí an Údaráis Áitiúil Chun Teach a Cheannach
- Láithreán Tithíochta ar Chostas Íseal ón Údarás Áitiúil, agus
- Oibreacha Feabhsúcháin in ionad Scéim Thithíochta an Údaráis Áitiúil i leith an teach a dtéann an tionónta isteach ann.