Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

TITHÍOCHT ÚDARÁIS ÁITIÚIL

Riamh anall, ba í tithíocht údaráis áitiúil/tithíocht shóisialta an phríomhrogha dóibh siúd nach raibh sé d’acmhainn acu tithíocht a fháil óna n-acmhainní féin. Cé gur tugadh isteach roghanna tithíochta eile le blianta beaga anuas, fanann údaráis áitiúla mar na príomhsholathróirí do thithíocht shóisialta, a chuireann raon tithíochta ar cíos ar fáil chun riachtanais éagsúla lóistín a chomhlíonadh.
Tá a Chlár Tógála Tithe féin ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus is féidir sonraí faoi scéimeanna tithíochta atá beartaithe do na blianta atá le teacht a sheiceáil sa “Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn na Tithíochta”.