Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

AN BHFUIL MISE CÁILITHE?

Má tá teach de dhíth ort agus mura bhfuil tú in acmhainn é a fháil duit féin, féadfaidh tú tithíocht Údaráis Áitiúil a iarraidh.

Agus d’iarratas á mheas, cuirfidh an tÚdarás Áitiúil fachtóirí ar nós méid an líon tí, ioncam an líon tí, do lóistín i láthair na huaire (más ann), coinníoll an lóistín sin agus aon chúinsí ar leith cosúil le haois, míchumas, cúinsí leighis srl. san áireamh.

Má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal teach Údaráis Áitiúil a fháil, labhair le d’Údarás Áitiúil.