Galway County Council

HomeGA

Cosán an tSuímh...

CONAS A DHÉANAIM IARRATAS?

Is féidir leat foirm iarratais do thithíocht Údaráis Áitiúil a fháil trí:

Ní féidir an Fhoirm Iarratais a chomhlánú agus a chur ar aghaidh ar líne, mar go gcaithfidh sé a bheith seiceáilte agus stampáilte ag na gníomhaireachtaí éagsúla poiblí agus ní mór í a chur ar aghaidh i dteannta leis an doiciméadacht thacúil go léir is gá atá leagtha amach ar an leathanach dár teideal “Seicliosta”. Má tá aon chuid den doiciméadacht thacúil sin fós le comhlíonadh, nó mura bhfuil d’Fhoirm Iarratais comhlánaithe i gceart, measfar d’fhoirm iarratais a bheith neamhbhailí agus cuirfear ar ais chugat é. Is é an dáta a gheofar d’iarratas an dáta a chuirfear an t-eolas go léir agus is gá ar aghaidh. A luaithe is a gheofar iarratas comhlánaithe, déanfar measúnú ar a incháilitheacht. Má mheastar nach mbeidh an t-iarratasóir incháilithe, cuirfear an cinneadh seo in iúl i scríbhinn agus tabharfar cúis maidir leis sin.

Déanann Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta measúnú iomlán ar iarratais incháilithe, a thabharfaidh cuairt ar an iarratasóir chun fiosrú iomlán a dhéanamh ar chúinsí a n-iarratais. A luaithe is a dhéanfar an measúnú sin ar d’iarratas tithíochta, cuirfear ar an eolas tú i scríbhinn. Tá ceangal ort sinn a chur ar an eolas faoi aon athrú ar do chúinsí mar shampla, athrú seoladh, athrú ar mhéid an teaghlaigh, ioncam, srl., d’fhonn go mbeimis in ann do chomhad a choimeád cothrom le dáta.

Má ghlactar leat mar dhuine a bhfuil gá agat le tithíocht, cuirfear ar Liosta Feithimh Tithíochta na Comhairle tú, agus déanfar breithniú ar thithíocht sa cheantar is fearr leat, agus aird á thabhairt ar thosaíocht d’iarratais. Ba cheart duit cuimhneamh go bhféadfadh do thosaíocht ar an liosta tithíochta dul suas nó dul síos de réir mar a athraíonn do chúinsí, nó cúinsí iarratasóirí eile. Níl scéim bunaithe ar phointí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe lena dtithe a leithdháileadh ach leithdháiltear iad ar bhonn tosaíochta, agus aird a thabhairt ar ár bpolasaí mar atá leagtha síos sa Scéim Tosaíochtaí Ligean.

Má dhéantar tairiscint réasúnta d’iarratasóir maidir le tithíocht, agus ní ghlacfar leis ina dhiaidh, iarchuirfear breithniú breise don iarratasóir sin ar aon tairiscint maidir le tithe.