Cosán an tSuímh...
TIONÓNTACHT THEACH ÚDARÁIS ÁITIÚIL
Íocann tionóntaí cíos ar áitribh de chuid na Comhairle atá ar cíos a ríomhtar bunaithe ar Scéim Cíosanna Difreálacha Tithíochta. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an cíos bunaithe ar chumas an cíos a íoc, mar sin, má tá an t-ioncam íseal, beidh an cíos íseal agus má ardaítear an t-ioncam, tiocfaidh ardú ar an gcíos. Cuirfear ioncam aon bhaill eile den líon tí leis an ríomh cíosa agus d’fhéadfadh laghdú a bheith ann d’aon leanaí sa teaghlach.
Ag an Measúnú Bliantúil Cíosa, iarrtar ar gach tionónta sonraí maidir lena n-ioncam atá cothrom le dáta a chur isteach d’fhonn go ndéanfaí athmheasúnú ar a gcíos. Mura gcomhlíonfar an Measúnú, cuirfear an tionónta ar an uaschíos seachtainiúil. Má thagann athrú ar chúinsí nó déanamh an líon tí ag aon am le linn na bliana, ní mór don tionónta é sin a chur in iúl don Aonad Tithíochta d’fhonn go ndéanfaí aon athruithe is gá leis an gcíos. Má theipeann ar dhuine íocaíochtaí cíosa a choinneáil cothrom le dáta, d’fhéadfaí caingean dlí a thionscnamh agus i ndeireadh na dála, d’fhéadfaí an duine a chur amach as an áitreabh. Is féidir cíos a íoc trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:
- trí Bhuanordú
- trí Dhochar Díreach
- trí Réamhchuntas Teaghlaigh
- chuig an mBailitheoir Ioncaim
- ag an Rannóg Ioncaim ag Ceanncheathrú Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Is idir an Chomhairle agus an Tionónta atá an fhreagracht cothabháil a dhéanamh ar áitribh de chuid na Comhairle atá ar cíos. Tríd is tríd, tá freagracht ar an gComhairle as struchtúr an tí a chothabháil, agus is ar an tionónta atá an fhreagracht as gach suiteach, feisteas agus ábhar inmheánach. Sula ndéantar ceisteanna cothabhála a thuairisciú, moltar don tionónta an liosta iomlán faoi mhiondealú na bhfreagrachtaí cothabhála a léamh i Leabhrán na dTionóntaí. Rangaítear ceisteanna cothabhála a chuirtear chuig an gComhairle mar chásanna práinne nó gnáthchásanna agus tugtar tosaíocht do ghníomh ar an mbonn sin.
I gcás go raibh tionónta in áitreabh ar cíos ar feadh ar a laghad 2 bhliain, agus faoi réir coinníollacha incháilitheachta eile a shásamh, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh aistriú óna n-áitreabh láithreach. Tá critéir dhiana leagtha síos sa Scéim Tosaíochtaí Ligin maidir le hincháilitheacht aistrithe – tríd is tríd, ní bheidh tionónta incháilithe ach amháin má dhéantar an t-iarratas de bharr róphlódú, laghdú méide, nó ar fhorais leighis/atruacha. Ní mór coinníollacha eile a chomhlíonadh, cosúil le cuntas glan cíosa agus taifead maith tionóntachta a bheith ag an tionónta. Féadfaidh an tionónta iarratas a dhéanamh trí fhoirm iarratais a iarraidh ón Aonad Tithíochta, ar a ndéanfaidh an t-Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta agus an t-Oifigeach Tithíochta measúnú air, agus cuirfear cinneadh in iúl i scríbhinn.