Cosán an tSuímh...
RÁITEAS PRÍOBHÁIDEACHTA CHOMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE (AIBREÁN 2006)
Ráiteas ghinearálta
Tá ardurraim ag an Údarás Comhionannais do do cheart chun príobháideachais maidir le d’idirbheartaíochtaí leis an láithreán gréasán seo. Aon fhaisnéis phearsanta a thairgeann tú go deonach don Údarás, caithfear léi de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde agus i gcomhréir iomlán leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003. Níl Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháideachais láithreán gréasáin nascaithe eile.
Bailiú agus úsáid na faisnéise pearsanta
Ní bhailíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe aon sonraí pearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo, seachas faisnéis a thairgeann tú go deonach (cuir i gcás trí ríomhphost a chur chugainn nó trí clárú le córas) Aon fhaisnéis a thugann tú dúinn ar an gcuma sin, ní chuirtear ar fáil í d'aon tríú páirtí agus ní úsáideann an Comhairle í ach amháin i gcomhréir leis an gcuspóir dár chuir tú ar fáil í, seachas mar a éilítear de réir an dlí nó trí comhoibriú deonach le údaráis forfheidmithe dlí má bhraithimid go mbeadh a leithéid do chomhoibriú riachtanach chun calaois nó aon choir eile a chosc.
Bailiú agus úsáid na faisnéise teicniúla
Fhad agus a bhrabhsálann tú tríd ár suíomh idirlín, bailíonn ár bhfreastalaí idirlín eolas faoi do chuairt do chuspóirí staitistiúil. Ní bhailítear aon eolas pearsanta.
Samplaí don eolas a bhailítear:
-
An seoladh Prótacal Idirlín (IP) a úsáidtear chun do ríomhaire a cheangal don idirlíon (m.sh. 192.168.88.21.
-
Seoladh Rphost – má sheolann tú ríomhphost ag aon cheann dár seoltaí ríomhphoist phoiblí.
-
Eolas ríomhaire agus ceangail cosúil le cineál brabhsálaí agus an leagan, córas oibriúcháin, ardán, an URL óna dtáinig an chuairt agus na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu.
Ón eolas seo, bailíonn agus déanann muid monatóireacht ar na staitisticí seo leanas An mhéid daoine a thugann cuairt ar ár suíomh
- Dáta agus am na gcuairteanna.
- An mhéid leathanaigh a bhreathnaítear air
- An tam a chaitear ar an suíomh.
- Na codanna den suíomh is ansa leis an bpobal. D’fhéadfadh go insealbhódh feidhmiúcháin idirlín éagsúla fianáin ar do ríomhaire chun cabhrú le feidhmíocht.
Ní dhéanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe aon iarracht ar chuairteoirí ar leith a shainaithint ná ar na sonraí teicniúla a luaitear thuas a cheangal le haon duine ar leith, seachas i gcásanna do rochtain neamhúdaraithe nó gníomhaíochtaí le rún choiriúil. Tá sé de bheartas ag Comhairle Chontae na Gaillimhe gan faisnéis theicniúil den chineál sin i leith cuairteoirí ar an láithreán a thabhairt go deo d'aon tríú páirtí, ach amháin sa chás go gcuireann riail dlí iallach air faisnéis den chineál sin a nochtadh. Ba chóir duit a thabhairt do d'aire nach "sonraí pearsanta" chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003 iad na sonraí teicniúla nach bhfuilimid i gcumas a cheangal le haon duine is féidir a shainaithint.