Bailitheoirí Dramhaíola Mídhleathacha
Máirt, 18 Meith 2019 15:36:00 BST
Seachain bailitheoirí dramhaíola mídhleathacha atá ag oibriú i gContae na Gaillimhe. Tá sé mídhleathach dramhaíl a bhailiú gan cheadúnas agus tá sé mídhleathach do chuid dramhaíola a thabhairt do bhailitheoir neamhcheadaithe.
Sula dtugann tú do chuid dramhaíola d'aon duine, iarr orthu a gceadúnas bailithe dramhaíola a thaispeáint duit. Coinnigh taifead den uimhir cheadúnais agus d'admhálacha. Beidh ceadúnas bailithe dramhaíola ar fáil lena iniúchadh ag bailitheoir ceadaithe agus má tá aon amhras ort, déan teagmháil le d'údarás áitiúil.
Má tá amhras ar aon duine den phobal nach bhfuil bailitheoir ceadaithe, déan teagmháil leis an Rannóg Timpeallachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe ag 091-509510 nó seol ríomhphost chuig environment@galwaycoco.ie tríd aip tuairiscíochta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil SEE IT, SAY IT ag www.epa.ie/enforcement/report/seeit/.
Caithfear faoi dhianrún le gach tuairisc.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte