Tionscadal Bhailte Slachtmhara Fíorúla Chontae na Gaillimhe
Aoine, 01 Beal 2020 20:54:00 BST
Tá grúpaí Bailte Slachtmhara ar fud Chontae na Gaillimhe ag teacht le chéile go fíorúil fad atá siad ag fanacht slán sa bhaile ó Covid-19.
Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Liam a chur tús leis nuair a thosaigh siad grúpa Fíorúil Bailte Slachtmhara ar Facebook dá gceantar féin chun ardán a thabhairt do dhaoine a bhfuil ar bun acu a thaispeáint - is é sin nithe atá ar bun acu ina n-áit féin dá muintir, don phobal agus don timpeallacht agus chun oidhreacht áitiúil agus bithéagsúlacht a cheiliúradh.
Fad atá gach duine ag fanacht sa bhaile agus ag fanacht óna chéile, tá daoine fós ag déanamh nithe go leor mar ag bearradh gairdíní (cuimhnigh áiteanna a fhágáil gan bearradh do phailneoirí), ag cur bláthanna is maith leis na beacha sa ghairdín, ag beathú na n-éan, an dramhaíl a chosc, a scagadh agus a laghdú, múirín a dhéanamh srl. Tá Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Liam ag iarraidh ar dhaoine grianghraf nó cuntas dena bhfuil ar bun ag daoine a chur ar aghaidh le hiad a roinnt le daoine eile ar an mbaile agus leis an gceangal a choinneáil lena chéile.
Sa chás go mbeadh daoine amuigh ar shiúlóid ghearr gar don teach ach ag fanacht ó dhaoine ag an am céanna, d’fhéadfadh go bhfeicfeadh nó go gcloisfeadh siad nithe áille sa dúlra agus sa bhfiadhúlra - spideog b’fhéidir nó an draighean faoi bhláth, oidhreacht thógtha a mbeadh suim ann - tobar beannaithe, cloch mhíle nó reilig mar shampla. Smaoinigh ar ghrianghraf, dán, scéal nó pictiúr a sheoladh chuig leathanach Facebook do ghrúpa Bailte Slachtmhara áitiúil a d’fhéadfaí a roinnt le daoine eile.
Tá go leor grúpaí Bailte Slachtmhara gníomhach i gContae na Gaillimhe atá ag tacú leis an bpobal agus atá ag obair chun a mbaile nó a sráidbhaile a fheabhsú. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh orthu fanacht i gceangal lena chéile ach ag an am céanna a bheith slán sa bhaile agus treoir an HSE a leanúint.
Dúirt Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Jimmy McClearn “Tá duine ar bith in ann Grúpa Fíorúil Bailte Slachtmhara a bhunú dá gceantar féin nó fanacht ceangailte trí úsáid a bhaint as leathanach Bailte Slachtmhara atá ann cheana chun grianghraif dena bhfuil ar siúl acu ina gcuid gairdíní agus sa bhaile acu féin a chur suas fad atá siad ag fanacht slán sábháilte sa bhaile.”
Chun smaointe agus noda a fháil, féach leathanach Facebook Bailte Slachtmhara Fíorúla Chontae na Gaillimhe nó seol ríomhphost chuig Galwayvirtualtt@gmail.com.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte