Deontas Atosaithe COVID-19 do Ghnólachtaí Beaga
Aoine, 22 Beal 2020 13:44:00 BST
Tá Deontas Atosaithe fógartha ag an Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, Heather Humphreys, TD., a thabharfaidh cabhair dhíreach deontais do mhicraghnólachtaí agus gnólachtaí beaga le cabhrú leo leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus hathfhostú oibrithe, nó le go mbeadh gnólacht infheidhme agus ag nascadh arís le fostaithe agus custaiméirí, i ndiaidh iaimh COVID-19.
Beidh an deontas ar fáil do ghnólachtaí le láimhdeachas de níos lú ná €5m, agus atá ag fostú 50 duine, nó níos lú, a dúnadh nó a raibh ar a laghad 25% de laghdú ina láimhdeachas suas go dtí 30 Meitheamh 2020. Beidh na deontais ar chomhluach bhille rátaí gnó an ghnólachta i 2019, le híosmhéid íocaíochta de €2,000 agus uasmhéid íocaíochta de €10,000.
Is féidir Iarratas ar an Deontas Atosaithe a dhéanamh ar líne ón Aoine an 22 Bealtaine 2020. Le bheith i dteideal an Deontais Atosaithe, caithfidh an gnólacht bheith páirteach i gCóras Íocaíochta Rátaí Tráchtála na nÚdarás Áitiúil agus:
- Láimhdeachas bliantúil de níos lú ná €5m a bheith aige agus idir 1 agus 50 duine a fhostú;
- Dúnadh é agus/nó caillteanas láimhdeachais de 25%+ fulaingthe aige nó a bhfuil sé réamh-mheasta dó go dtí deireadh mhí Mheithimh 2020;
- Tiomantas a thabhairt fanacht oscailte nó athoscailt má bhí sé dúnta;
- A thabhairt le fios go bhfuil sé i gceist aige fostaithe a choinneáil atá ar an Scéim Fóirdheontais Pá Sealadach agus an fhoireann atá ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime a athfhostú, más infheidhme.
Beidh tuilleadh eolais maidir leis Deontas Atosaithe an Rialtais, lena n-áirítear Foirm Iarratais Ar Líne agus Ceisteanna Coitianta ar fáil le híoslódáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe http://www.galway.ie/RestartGrant ón 22 Bealtaine 2020.
Caithfear gach fiosrúchán a chur chuig: RestartGrant@galwaycoco.ie
Braithfidh próiseáil na n-iarratas agus íocaíocht an Deontais Atosaithe ar an líon iarratas a fhaightear ar dtús, ach a fhad is atá sé indéanta, tabharfar tosaíocht dóibh de réir na ndátaí athoscailte atá beartaithe sa Treochlár Náisiúnta
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte