Review of County Development Plan Commences
Céad, 17 Meith 2020 19:38:00 BST
Beidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tosú ag ullmhú an Phlean Forbartha Contae 2022-2028 an 18 Meitheamh 2020.
Ullmhaíodh páipéar eisithe agus gearrthóga físe agus is féidir iad a fheiceáil ag www.gaillimh.ie/athbhreithniuPFC. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt idir an 18 Meitheamh 2020 agus an 10 Meán Fómhair 2020, agus idir na dátaí sin amháin. Is é an sprioc-am nach mór gach aighneacht a fháil faoi ná 4pm Déardaoin, an 10 Meán Fómhair 2020.
Is féidir leat d’aighneacht nó do thuairim a chur faoinár mbráid ar cheann amháin de na modhanna seo a leanas:
I scríbhinn chuig: Oifigeach Riaracháin, Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Contae, An tAonad um Beartas i dtaca le Pleanáil Chun Cinn, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh
Nó
Ríomhphost: forwardplanning@galwaycoco.ie
Nó
Foirm ar líne: www.gaillimh.ie/aighneachtai-athbhreithniuPFC
Bain úsáid as aon mheán amháin chun d’aighneacht nó do thuairim a sheoladh, le do thoil, go leictreonach nó i gcóip chrua.
Le cabhair agus treoir ghníomhach uaitse, is féidir le Plean Forbartha Contae nua na Gaillimhe an contae a fhágáil níos tarraingtí, níos cuimsithí, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe.
Ba cheart go léireofaí sa Phlean nua riachtanais agus uaillmhianta na bpobal go léir i gContae na Gaillimhe, mar sin ní mór duit do bharúil féin a chur in iúl ón gcéad lá riamh. Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh thuairimí ó dhaoine aonair nó ó ghrúpaí maidir le hábhar an Phlean Forbartha Contae nua. Tá an-fhonn go deo orainn a fháil amach cad iad na príomhcheisteanna a bheidh romhainn i gContae na Gaillimhe amach anseo, dar leatsa.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte