Fógra Cuid VIII - Forbairt Tithíochta Chinn Mhara
Máirt, 07 Iúil 2020 15:00:00 BST
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú)
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, (arna leasú)
Iarratasóir: Comhairle Chontae na Gaillimhe
Seoladh Suímh: An Cartrún, Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Bailte Fearainn: An Cartrún, Dún Guaire Thiar
I gcomhréir le Cuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú, tugtar fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe forbairt tithíochta 10 n-aonad a thógáil ag an láthair thuas, a bheidh comhdhéanta de 2 áit chónaithe aon stór ina mbeidh 2 sheomra leapa, 4 áit chónaithe dhormánta ina mbeidh 2 sheomra leapa, 4 áit chónaithe dhá stór ina mbeidh 2 sheomra leapa. Áirítear ar thograí, bóthar rochtana eastáit, an bóthar áitiúil atá ann a athlíniú, comharthaíocht, tírdhreachú, ceangail le seirbhísí atá ann agus gach obair fhoghabhálach forbartha suímh.
Tugadh faoi Réamhphróiseas scrúdaithe Measúnachta Tionchair Timpeallachta don fhorbairt atá beartaithe, agus tá cinneadh déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe nach mbeadh tionchar suntasach ag an scéim ar an timpeallacht, agus dá bhrí sin níl Measúnacht Tionchair Timpeallachta de dhíth. Is féidir le duine, laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhógra seo, iarratas ar chinneadh maidir le scagadh a dhéanamh leis an mBord Pleanála chun cibé an dócha go mbeidh nó nach mbeidh tionchair shuntasacha ag an bhforbairt ar an timpeallacht.
Chuathas i mbun scagtha ar 'Mheasúnacht Chuí' do Chéim 1 don fhorbairt bheartaithe agus tá cinneadh déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil 'Measúnacht Chuí' ar Chéim 2 [Ráiteas Tionchair Natura] de dhíth.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh, nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhainfeadh lena gcóipeáil, le linn gnáthuaireanta oibre (Luan go hAoine, 9.00 a.m. go dtí 4.00 p.m. gan laethanta Saoire Bainc agus Saoire Poiblí san áireamh) ar feadh tréimhse 4 seachtainí ón Aoine an 19 Meitheamh 2020 go dtí Dé Luain an 20 Iúil 2020, ag na suímh seo a leanas:
• Oifigí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, An Rannóg Pleanála (Cuntar Poiblí), Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX; agus,
• Comhairle Chontae na Gaillimhe, Oifig Ceantair Bhaile Locha Riach, Sráid na Beairice, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, H62 K065.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe, ina bpléifear pleanáil chuí agus forbairt inmharthana sa limistéar ina mbeidh an fhorbairt lonnaithe, a dhéanamh i scríbhinn chuig Rúnaí an Chontae, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Bosca Poist Uimh. 27, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycoco.ie) le bheith istigh tráth nach déanaí ná Dé Máirt an 4 Lúnasa 2020.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte