Ráiteas maidir leis an Tuarascáil ar na hÁrais Máithreacha agus Naíonán
Déar, 28 Ean 2021 16:27:00 GMT
25 Eanáir 2021
Tuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin maidir le hÁrais Máithreacha agus Naíonán
Ráiteas ó Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Le foilsiú Thuarascáil Deiridh an Choimisiúin Imscrúdúcháin maidir le hÁrais Máithreacha agus Naíonán, tugtar aitheantas do chloch mhíle thábhachtach a mbeidh tionchar domhain agus pearsanta aici ar gach duine a bhfuil baint acu leis na hÁrais Máithreacha agus Naíonán. Os rud é gur tuarascáil mhionsonraithe agus chuimsitheach í, measadh é a bheith cuí go mbeadh an Chomhairle agus gach duine a raibh tionchar aici orthu ábalta am a ghlacadh, i ndiaidh a foilsithe, chun an tuarascáil a léamh agus tús a chur leis an bpróiseas leis an ábhar agus leis na torthaí atá inti a bhreithniú.
Cuireann an tuarascáil go mór leis an léamh agus tuiscint dhomhain atá againn ar theipeanna an Stáit, lena n-áirítear an t-údarás áitiúil seo, san am atá caite, i soláthar cúraim do na mná nach raibh aon rogha eile acu ach dul isteach in Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama. Is cúis náire dúinn é a admháil gur lig muide síos iad, nuair ba leochailí iad, nuair a bhí trua, comhbhá, tuiscint agus tacaíocht uathu, an uair ba mhó a raibh cúram s'againne ag teastáil uathu.
Tá aitheantas tugtha ag an Taoiseach, thar ceann an Stáit don dualgas atá air a bheith freagrach as a chuid gníomhartha féin, a bheith toilteanach aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne chrua agus glacadh le gnéithe de stair na tíre seo a dhéanann thar a bheith míchompordach sinn. Tugaimidne aitheantas don ghá agus chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh Comhairle Chontae na Gaillimhe toilteanach freisin a bheith freagrach as a cuid gníomhartha féin, aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne chrua a bhaineann le stair roinnte s'againne agus ár dteipeanna a aithint.
Tugtar glór do na daoine a tháinig slán leis an tuarascáil seo agus cuirtear deis ar fáil dóibh, deis atá i bhfad ar bealach, na lochtanna a bhain le gach gné den Stát, lena n-áirítear an t-údarás áitiúil seo, a thabhairt chun solais. Tuigeann gach duine againn atá anseo inniu an misneach agus an teacht aniar a theastaigh ó na daoine a tháinig slán leis an méid a bhain dóibh san Áras Máithreacha agus Naíonán a roinnt - daoine aonair a tháinig slán chomh maith leis an méid a thug comhaltaí ó Chomhaontas Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama le fios nuair a labhair siad os comhair na Comhairle seo go cumhachtach agus go deisbhéalach i mí Mheán Fómhair, 2019. Chuaigh an méid a roinn na daoine a tháinig slán agus daoine a bhfuil ceangal pearsanta acu le hÁras Máithreacha & Naíonán Thuama go mór i gcion ar gach duine a bhí i láthair. D'inis siad dúinn faoin mbrón, náire, pian agus fulaingt a ndeachaigh siad féin agus a ndaoine muinteartha tríd.
Cé go n-aithnítear go bhfuil comhthéacs tábhachtach i gcónaí i ndáil le tuiscint chuí a bheith ar thréimhse ar bith, ní mór dúinn a admháil go hoscailte nach laghdaíonn comhthéacs ár ról agus an fhreagracht atá orainn. Is lom iad torthaí an Choimisiúin agus an fhianaise a roinneadh go cróga agus go hoscailte sna teistiméireachta a dhéileáileann leis an mbealach a caitheadh le mná agus leanaí in Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama.
Tá sé cuí agus tá sé riachtanach go ndéanfadh muid inár gceannairí cathartha agus inár saoránaigh den chontae agus den tír seo machnamh ar na cuntais seo a roinneadh cheana linn agus go bhfoghlaimeodh muid uathu, arbh léir gur chuntais phianmhara agus anacracha iad agus ó theistiméireachtaí na ndaoine uilig a tháinig slán mar a sonraíodh. Ó thaithí phearsanta s'againn féin a bheith ag éisteacht agus ag caint leis na daoine a tháinig slán agus na daoine a bhfuil ceangal pearsanta acu le hÁras Máithreacha agus Naíonán Thuama, níl dabht ar bith ann maidir lenár ról sna socruithe cúraim a rinneadh dóibh, a bhfuil ualach trom fós le hiompar acu mar thoradh air sin.
Aithníodh sa tuarascáil go raibh iarmhairtí i bhfad níos tromchúisí i gceist leis na droch-choinníollacha sláinteachais maidir le rialú galar agus ionfhabhtaithe i suíomhanna plódaithe agus tugadh le fios go raibh na coinníollacha a bhí i dTuaim uafásach uilig. Is léir chomh maith go raibh an ráta báis i measc naíonán in Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama tugtha ar aird agus cé go mba léir go raibh an ráta sin i bhfad níos airde ná mar a bhí an ráta sa phobal i gcoitinne, fós féin níor deineadh dada cuí.
Tá a laghad measa agus dínite a léiríodh do na mná agus leanaí seo nuair a cailleadh iad uafásach ach agus is cúis mhór bróin agus goillte ach go háirithe é. Glacann an Chomhairle leis an ról a bhí aici féin agus gur theip uirthi a chinntiú go raibh sé de dhínit ag na daoine seo uaigh chuí agus mheasúil a fháil.
Maidir le suíomh Thuama, áirítear cuimhneachán ar chur chuige comhaontaithe an Rialtais agus leanfaidh an Chomhairle lena hiarrachtaí de rannpháirtíocht a dhéanamh le gach duine a bhfuil ceangal pearsanta acu leis an suíomh agus le muintir na háite maidir leis na gníomhartha atá dhíth chun an cinneadh a chur i bhfeidhm. Tá an Chomhairle tugtha go hiomlán do thacú leis an réimse iomlán gníomhartha atá comhaontaithe ag an Rialtais lena n-áirítear dul ar aghaidh leis an obair atá ar bun cheana ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun go mbeidh teacht cuí ag daoine a tháinig slán ar chartlanna agus ar thaifid.
Tugann an Chomhairle aitheantas do ghealltanas an Rialtais reachtaíocht maidir le hadhlacthaí a bhrú chun cinn chun tacú le tochailt, dí-adhlacadh agus, nuair is féidir, aithint taisí chomh maith len iad a chur arís le dínit. Tá an Chomhairle ag cuidiú go gníomhach leis an obair leanúnach chun cur chuige comhaontaithe an Rialtais agus an fhreagairt ar shuíomh Thuama a chur i bhfeidhm agus leanfaidh sí den chuidiú agus freagairt sin. Tá sé tábhachtach go dtabharfainnse aitheantas freisin inniu don chúram, tiomantas agus meas atá léirithe ag muintir Thuama chun an suíomh i dTuaim a choinneáil leis na deicheanna de bhlianta.
Tá fíor-aiféala go deo orainn agus tuigimid go bhfuil an caidreamh idir an t-údarás áitiúil seo agus na daoine arbh éigin dóibh dul i muinín Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama briste mar gheall ar theipeanna s'againne maidir leis na socruithe a rinneadh dá gcúram. Tá tús curtha cheana féin againn leis an aistear seo agus muid tiomanta an caidreamh sin a atógáil agus is céim thábhachtach eile atá sa lá inniu maidir leis seo. Leanfar den chomhoibriú agus den tús áite atá tugtha againn don phróiseas seo ó bunaíodh an Coimisiún tríd an rannpháirtíocht atá á déanamh go leanúnach againn le daoine a tháinig slán, agus tríd na gníomhartha atá de dhíth maidir le suíomh Thuama, leanfaimid den obair atá le déanamh anois agus Tuarascáil Deiridh an Choimisiúin foilsithe.
Dearbhaím arís inniu tiomantas agus dúthracht athnuaite an údaráis áitiúil seo leanúint dár n-iarrachtaí chun cuidiú agus tacú leis na daoine a tháinig slán agus leis na daoine go léir a bhfuil ceangal pearsanta acu le hÁras Máithreacha agus Naíonán Thuama. Ní féidir le haon duine an t-am atá caite a athrú; tá sé tábhachtach áfach go nglactar leis agus go bhfoghlaimítear uaidh, go dtugtar aitheantas don fhírinne bhrónach agus phianmhar, don tionchar pearsanta a bhí aige ar dhaoine a tháinig slán agus don ualach ollmhór a iompraíonn siad agus aitheantas a thabhairt go humhal dár dteipeanna.
Ráiteas ó Chathaoirleach Chontae na Gaillimhe
Tá sé tábhachtach a lua i dtosach báire go bhfuil sé, b’fhéidir beagnach go fáidhiúil, 60 bliain ó rinneadh an cinneadh Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama a dhúnadh, cinneadh a cheadaigh an t-údarás seo ar an 28 Eanáir 1961 mar a luaitear i dtuarascáil deiridh an choimisiúin. Mar sin féin, leanann stair oibríochta agus maoirseachta an Árais, óna oscailt i 1925 go dtí gur dúnadh é i 1961, agus go deimhin i bhfeidhmiú a réamhtheachtaí i nGleann na Madadh a bhí ag feidhmiú ó 1921-1925, ag caitheamh scáth fada trom ar an gComhairle seo, scáth nach mór dúinn mar chorp aghaidh a thabhairt air agus aitheantas a thabhairt dó ar an lá seo le croíthe troma, oscailte agus dólásach.
Tá sé tábhachtach a admháil gur mar gheall ar thiomantas, diongbháilteacht agus buanseasmhacht na ndaoine a tháinig slán, a n-abhcóidí agus a dtaighdeoirí, a bhfuilimid in ann é seo a dhéanamh inniu, mar thoradh ar na daoine a chuaigh i mbun feachtais ní amháin ar a son féin, ach ar son na ndaoine eile ar fad nár tháinig slán chun a dtaithí a insint, agus chun an éagóir a rinneadh orthu a chur ina ceart.
Tá sé oiriúnach go háirithe freisin go n-admhaímid anseo, cúpla míle gairid ó Thuaim, an obair gan staonadh agus neamhleithleach atá déanta ag Catherine Corless maidir le hÁras Máithreacha agus Naíonán Thuama. Níl aon tuairisc níor oiriúnaí ann maidir le Ms Corless seachas aitheantas a thabhairt di mar “bhanlaoch”, agus ár ómós tuillte go maith aici, agus ár ardmheas, as stair dhorcha Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama a nochtadh.
Ar an lá seo, cuimhnímid ar gach duine a tháinig slán as Áras Thuama. Is cuimhin linn na 2219 bean, a cuireadh in iúl ó na torthaí a leagtar amach sa tuarascáil, a ligeadh isteach go Tuaim, is cuimhin linn iad siúd a rugadh san Áras agus cuimhnímid orthu siúd a fuair bás go brónach ansin.
Is ábhar léitheoireachta deacair, míchompordach agus corraitheach é ábhar agus torthaí thuarascáil deiridh Imscrúdúcháin an Choimisiúin maidir le hÁrais Máithreacha agus Naíonán, agus go háirithe iad siúd a bhaineann le hÁras Máithreacha agus Naíonán Thuama. Dúinne a toghadh chuig an údarás áitiúil seo chun ionadaíocht agus gníomhú ar mhaithe le leas ár bpobal uile ar fud Chontae na Gaillimhe, agus a bhfuil mothú dualgais agus freagrachta cathartha acu, tá sé beagnach dothuigthe go raibh am ann nuair a rithfeadh an Chomhairle seo rún ag éileamh reachtaíochta chun mná a bhí ag iompar clainne den dara huair a chur chuig na hÁrais Magdalene. Ach tharla sin faraor agus táim cinnte go mbeidh an náire céanna ar gach comhalta den Údarás seo, nach bhfuil aon deacracht agam a rá go raibh taithí phearsanta agam air, mar bhí na teipeanna fadbhunaithe atá ag an gComhairle seo leagtha amach i dubh agus bán do chách a fheiceáil. Aithníonn torthaí an Choimisiúin Údarás Áitiúil a chuir i bhfad níos mó béime ar mhaoirseacht buiséid agus airgeadais ná a ról mar chaomhnóir dóibh siúd ba leochailí agus a raibh cúram agus cosaint ag teastáil uathu.
Ba cheart go mbraithfeadh na daoine leochaileacha inár sochaí cosaint chompordach i gcónaí ó na daoine a cuireadh de chúram orthu ceannaireacht a dhéanamh, sampla a thabhairt, breithiúnas morálta maith a thaispeáint, a bheith cóir agus neamhbhreithiúnach, cosaint agus a cothú, lámh chúnta a thabhairt nuair is gá, agus aire a thabhairt le dínit agus le comhbhá. Is léir ó bheith ag éisteacht leis na daoine a tháinig slán agus ag léamh a gcuid teistiméireachtaí, gur lig an Stát síos iad agus gur lig Comhairle Chontae na Gaillimhe síos iad.
Ba mhór an onóir gur cuireadh de chúram ar an gComhairle a bheith i gceannas agus ionadaíocht a dhéanamh, ach theip ar an gComhairle seo ina dualgas is bunúsaí agus is príomhúla. Ba cheart go mbeadh riachtanais agus leas na ndaoine is leochailí inár sochaí curtha chun tosaigh ag an gComhairle seo. Na leanaí dofheicthe agus gan guth, go háirithe mná leochaileacha, leanaí nuabheirthe luachmhara áille neamhurchóideacha; cailíní agus buachaillí beaga, ar chóir dóibh maireachtáil, fás, foghlaim agus a bheith ag gáire, ag obair agus ag imirt, páirt a bheith acu sa tsochaí agus b’fhéidir fiú é a stiúradh. Ach chun ár náire síoraí, theip ar an gComhairle seo maidir leis na máithreacha agus a gcuid leanaí araon, ag am nuair ba mhó a theastaigh a tacaíocht agus a cosaint uathu.
Is lá tábhachtach é an lá inniu agus muid ag gabháil leithscéil agus ag obair, a oiread agus is féidir linn, chun éagóir an ama a chuaigh thart a cheartú, agus éisteacht le guthanna an iliomad a tháinig slán, nach raibh guth acu le rófhada. Is cuimhin linn inniu freisin iad siúd a bhfuil an leithscéal seo ró-mhall dóibh faraor.
Mar Chathaoirleach Chontae na Gaillimhe, thar ceann na gComhaltaí, an Phríomhfheidhmeannaigh agus na foirne, gabhaim leithscéal ó chroí as teipeanna an údaráis áitiúil seo. Tá an-aiféala orainn nach ndearna an Chomhairle seo a dóthain chun cúram, comhbhá agus cosaint chuí a chinntiú do na máithreacha agus na leanaí a chuaigh thar thairseach Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama, agus do na leanaí sin a rugadh agus a fuair bás ann.
Is oth linn freisin nár chinntigh Comhairle Chontae na Gaillimhe go raibh dóthain cosaintí agus bearta i bhfeidhm chun a chinntiú go dtabharfaí aire agus cosaint níos fearr do leanaí a cuireadh ón Áras le cónaí in áit éigin eile. Cúis náire agus bróin dúinn ar fad, nár chinntigh an Chomhairle seo go dtabharfaí dínit áit adhlactha oiriúnach dóibh siúd a fuair bás in Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama, an rud ba lú a bhí tuillte acu.
Tá an-aiféala go deo orainn, mar údarás áitiúil, nach raibh an dearcadh ná an misneach ag an gComhairle seo i gcónaí a chinntiú go raibh leas na ndaoine a cuireadh faoina cúram mar an ní ba thábhachtaí, agus a bheith níos cineálta, níos atruacha agus níos grádiaúla.
Dóibh siúd go léir a bhfuil baint phearsanta acu le hÁras Máithreacha agus Naíonán Thuama, go háirithe na máithreacha scanraithe agus na leanaí neamhchiontacha, a dteaghlaigh agus muintir Chontae na Gaillimhe, na hÉireann agus níos faide i gcéin, tá brón ó chroí ar an Údarás Áitiúil seo.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte