Ráiteas ón gComhairle Chontae - Comharthaíocht ag iarÁras Máithreacha Naíonán
Aoine, 19 Márta 2021 14:08:00 GMT
Ráiteas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Dé hAoine an 19 Márta 2021
Cuireadh in iúl do Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar maidin go bhfuil comharthaíocht curtha suas ag an suíomh den iarÁras Máithreacha agus Naíonán.
Níor cuireadh an chomharthaíocht seo suas le cead ón gComhairle, ní dheachaigh aon dream i gcomhairle linn faoi agus ní raibh aon eolas againn faoin togra seo an chomharthaíocht a chur suas nó cé a thug faoin ngníomh seo.
Tá a fhios ag an gComhairle go bhfuil daoine trína chéile faoin gcomharthaíocht seo agus dá réir sin, tá socruithe déanta againn chun an chomharthaíocht a bhaint anuas.
Tá an Chomhairle lántiomanta do thacaíocht a thabhairt maidir leis an raon iomlán gníomhartha a chomhaontaigh an Rialtas maidir le suíomh Thuama, lena n-áirítear cuimhneacháin iomchuí.
Tá sé riachtanach go mbeadh gach gníomh a dhéantar maidir leis an suíomh, déanta ar bhonn próiseas comhairliúcháin oscailte agus trédhearcach a thugann tosaíocht do na marthanóirí, dá dteaghlaigh agus dóibh siúd go léir a bhfuil nasc pearsanta acu leis an iar-Áras Máithreacha agus Naíonán.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte