Seoladh lionra Phointe Ceangail Leathanbhanda Chontae na Gaillimhe
Aoine, 21 Ean 2022 15:21:00 GMT
Tá áthas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ar Rialtas na hÉireann seoladh líonra Phointe Ceangail Leathanbhanda (BCP) Chontae na Gaillimhe a fhógairt. Tá 12 BCP beo sa chontae faoin Tionscnamh Pobail á Nascadh agus tá 10 BCP eile ar an mbealach.
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le Vodafone agus NBI é Pobail á Nascadh chun rochtain ar leathanbhanda ardluais a chur ar fáil ag láithreacha a bhfuil teacht ag an bpobal orthu ar mhaithe le cianobair, staidéar, oiliúint scileanna pobail/digiteacha, foirmeacha agus iarratais a chomhlánú chomh maith le raon seirbhísí agus fóntais eile ar féidir a dhéanamh go digiteach.
Is é an Cathaoirleach Peter Keaveney, Comhairle Chontae na Gaillimhe a sheol an chéad 12 Pobal Nasctha i gContae na Gaillimhe os comhair Chomhaltaí Tofa na Comhairle ag cruinniú iomlánach le déanaí ar an 24 Eanáir 2022. Ag cur fáilte roimh sheoladh an tionscnaimh is éard a dúirt an tUasal Keaveney “Tá an-ríméad ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe líonra BCP Chontae na Gaillimhe a sheoladh inniu. Ó tharla go bhfuilimid ar cheann de na contaetha is mó agus is mó a bhfuil ceantair thuaithe ann in Éirinn, ní mór dúinn leas a bhaint as teicneolaíocht chun a chinntiú go bhfanfaidh Gaillimh ina áit tharraingteach le cónaí, foghlaim, oibriú inti, le cuairt a thabhairt uirthi agus le gnó a dhéanamh inti. Cuirfear roinnt clár téamach ar fáil tríd an líonra BCP sa bhliain 2022 sna réimsí cianobair, scileanna digiteacha, na healaíona, ríomhsheirbhísí sláinte agus mar aidhm leis féachaint chuige go seasfaidh Contae na Gaillimhe an aimsir do na glúnta atá le teacht. Tá rochtain ar cheangal ardluais riachtanach do shochaí atá ionchuimsitheach go digiteach agus táimid ag súil le tacú leis na BCPanna agus na pobail ina bhfuil agus ina mbeidh siad chuige sin”.
Bhí Jim Cullen, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ag iarraidh ardmholadh a thabhairt do gach duine a raibh baint acu leis na BCPanna a bhunú, “is léargas é tionscadal BCP ar mar atá cumhacht ag an athrú a chuirtear chun cinn ar an láthair ag leibhéal pobail ábalta todhchaí na tíre a mhúnlú. Is uirlis í an nascacht agus ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann léi i dtaobh pobail tuaithe a athbheochan agus a athnuachan. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na pobail seo lena bPointí Ceangail Leathanbhanda nua agus tá ríméad orm go bhfeicfidh mé mar a thiocfaidh forás agus forbairt orthu sna míonna agus bliana amach romhainn”.
Bainfear an leas is fearr is féidir as pobail ar fud na tíre leis an tionscnamh. Déanfar sin trí nascacht WiFi de scoth an domhain a chur ar fáil, ag athrú an chaoi a mhaireann, a n-oibríonn, a bhfoghlaimíonn agus a n-imríonn daoine ar fud na hÉireann ó bhonn. Beidh Pobail á Nascadh ar thús cadhnaíochta sa réabhlóid dhigiteach thuaithe, ag tabhairt ardán do phobail tuaithe ina lárionaid chruthaitheachta agus nuálaíochta.
Is mian le Heather Humphreys T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail comhghairdeas a dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe as seoladh an líonra Pointí Ceangail Leathanbhanda “Bainfidh Pobail á Nascadh an leas is fearr is féidir as pobail tuaithe, ag athrú shaol mhuintir an phobail sin ó bhonn. Cibé más obair cheangailte atá i gceist, na healaíona cruthaitheacha, ríomhsheirbhísí sláinte nó tacaíochtaí oideachais, tabharfar tacaíocht i leith na BCPanna chun na seirbhísí atá ag teastáil óna seirbhísí ina bhfuil agus ina mbeidh siad lonnaithe a chur ar fáil. Tá níos mó ná beart réitigh shealadaigh, roimh theacht an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, i gceist leis na háitribh sin. Táimid ag súil gur sócmhainní agus gnéithe fadtréimhseacha pobail a bheidh iontu sna pobail ina bhfuil agus ina mbeidh siad lonnaithe - ag cur seirbhísí ón nglúin amach romhainn ar fáil do chroíthailte tuaithe na hÉireann.
Is é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda an tionscadal bonneagair is mó i gceantair thuaithe na hÉireann ó leictriú na tuaithe, a chuimsíonn 96% de mhórchríoch na hÉireann. Is ar an gcomhlacht Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann (NBI) a bronnadh an conradh chun líonra idirghabhála an stáit a thógáil, a chothabháil agus a oibriú as seo go ceann 25 bliain. Tá an tionscnamh Pointí Ceangail Leathanbhanda ina phríomhchuid den NBP agus cuireann sé nascacht ar fáil do phobail sa limistéar idirghabhála ainmnithe sula bhfaighidh áiteanna cónaithe agus gnólachtaí leathanbhanda snáithín a sheasfaidh an aimsir díreach chuig a ndoirse. Is éard a dúirt Peter Hendrick, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ag Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann: “Tá mórtas ar NBI a bheith ag cumasú an chláir Pointí Ceangail Leathanbhanda trí rochtain ardluais idirlín riachtanach saor in aisce a shuiteáil i saoráidí pobail. Beidh an ceangal seo i nGaillimh chun leasa mhóir mhilltigh don phobal. De réir mar a bheidh ár bhfoirne ag déanamh dul chun cinn as cuimse lenár soláthar céimneach Snáithín do Thithe Cónaithe chun leathanbhanda ardluais a thabhairt chomh fada le gach áit chónaithe, feirm, gnólacht agus scoil sa Limistéar Idirghabhála, réitíonn Pointí Ceangail Leathanbhanda an bealach do sholáthar céimneach níos fairsinge an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus is suntasach an chéim chun cinn í do réigiúin na Gaillimhe.”
Gheobhaidh gach Pobal Ceangailte rochtain ar WiFi Vodafone. Beidh daoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar ábalta dul chomh fada leis an áit roghnaithe agus rochtain a fháil ar WiFi agus é a úsáid go laethúil, do chianobair, ríomhfhoghlaim agus rochtain ghinearálta san áireamh. Is éard a dúirt Sinéad Bryan, Stiúrthóir Gnó Vodafone Ireland “Beidh ról tábhachtach ag soláthar céimneach leanúnach Wifi fíorsciobtha ar shaoráidí riachtanach ar fud na Gaillimhe i dtaobh tacú le gnólachtaí agus le geilleagair a bheith faoi bhláth amach anseo agus i dtaobh tacú le bailte agus sráidbhailte a athbheochan. Tá breis is 234 saoráid phobail anois ceangailte, tá an-áthas orainn anseo in Vodafone, chomh maith lenár bpríomhpháirtithe, clár a éascú a dhéanfaidh bunathrú suntasach ar an gcaoi a mhaireann, a n-oibríonn agus a n-imríonn daoine ar fud na tíre a chumasú - ag cur sochaí dhigiteach ar fáil i ndáiríre”.
Fuarthas maoiniú chun roinnt de na láithreachta a fheistiú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Fuair cúig BCP maoiniú luathaithe Baile agus Sráidbhaile in 2020 agus fuair ocht BCP maoiniú faoin gCiste Mol Ceangailte in 2021.
Is iad Comhar Chuigéal Teoranta Leitir Mealláin, Comhar Caomhán Teo, Leabharlann Inis Mór, Muintearas Teo, Ionad Pobail Inis Bó Finne, Mol Fiontair agus Oiliúna Ghleann na Madadh, Ionad Pobail agus Cúraim Leanaí an Chartúin, Club Gailf Thuama, Saoráid Phobail Sylane, Ionad Theach na mBocht Éireann, Port Omna, Ionad Pobail Liatroma - Bhéal Átha Dúgáin, agus Ionad Fiontair Pobail Chluain Bheirn na Pointí Ceangail Leathanbhanda atá beo i gContae na Gaillimhe i láthair na huaire. Fógrófar tuilleadh pointí ceangail leathanbhanda i Halla Pobail Thír an Fhia, Comharchumann Mhic Dara, Ionad Pobail Inis Meáin, Mol WiFi Chluain Fearta, Hub Blue I Bhaile an Mhuilinn, Ionad Pobail an Ráithín, Músaem agus Ionad Oidhreachta Leacaigh, Halla Pobail Bhaile na Cille, , Ionad Cúraim Dhroichead an Chláirín agus Stáisiún Bhéal Átha Glúinín sna míonna amach romhainn.
Ba mhaith le hOifig Leathanbhanda Chomhairle Chontae na Gaillimhe buíochas a ghlacadh leis na grúpaí pobail áitiúla atá ag glacadh páirt sa scéim Pointe Cheangail Leathanbhanda agus tá súil ag an oifig na BCPanna a fheiceáil ag dul ó neart go neart amach anseo leis na seirbhísí nua a bheifear ábalta a chur ar fáil tríothu dá bpobail sna réimsí cianobair, scileanna digiteacha, ríomhsheirbhísí sláinte agus na healaíona agus cultúr.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin tionscnamh seo, téigh chuig myconnectedcommunity.ie nó déan teagmháil le broadofficer@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte