FÓGRA UM THAISCEADH LEABHAR RÁTAÍ LENA N-INIÚCHADH AGUS I dTAOBH É A BHEITH BEAR
Aoine, 23 Noll 2022 13:23:00 GMT
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Ceantar Sláinte Contae na Gaillimhe
FÓGRA UM THAISCEADH LEABHAR RÁTAÍ LENA N-INIÚCHADH AGUS I dTAOBH É A BHEITH BEARTAITHE AN RÁTA A GHEARRADH.
Tugtar FÓGRA leis seo go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ar tí Rátaí Contae a ghearradh ar aon mhaoin inrátaithe sa gCeantar ainmnithe thuas. Seo a leanas an Ráta Bliantúil ar Luacháil do ghnáthchaiteachas an Cheantair Sláinte Contae do Sheirbhís na bliana airgeadais dar críoch 31 Nollaig, 2023:
Ráta Bliantúil ar Luacháil 70.59
Cuirtear na Leabhair Rátaí i dtaisce le haghaidh iniúchadh ag aon rátíocóir ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, An Rannóg Airgeadais, Cnoc na Radharc, Gaillimh agus beidh siad ann, ar oscailt lena n-iniúchadh le linn Uaireanta Oifige idir 10am agus 4pm, Luan go hAoine ón 4 Eanáir 2023.
Más mian leat féachaint ar na leabhair rátaí, is gá duit coinne a dhéanamh roimh ré. Glaoigh ar 091-509034 le do thoil. Seo chun a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais COVID-19.
Arna dhátú an 23ú lá seo d’Nollaig 2022
ÁINE FENTON, STIÚRTHÓIR AIRGEADAIS GNÍOMHACH
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte