FÓGRA MAIDIR LE RÁTAÍ CONTAE A GHEARRADH.
Déar, 19 Ean 2023 11:18:00 GMT
COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE
Ceantar Sláinte Contae na Gaillimhe
FÓGRA MAIDIR LE RÁTAÍ CONTAE A GHEARRADH.
Tugtar FÓGRA leis seo gur gearradh Rátaí Contae go cuí ar mhaoin atá inrátaithe sa gCeantar ainmnithe thuas.
Seo a leanas an Ráta Bhliantúil ar Luacháil do ghnáthchaiteachas an Cheantar Sláinte Chontae do Sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2023:
Ráta bliantúil ar Luacháil 70.59
Tá na Leabhair Rátaí i mo chúram anois agus féadfaidh aon duine lena mbaineann na leabhair a iniúchadh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh trí choinne, idir na huaireanta oifige 10am agus 4pm, gan Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Bainc san áireamh. Beidh na rátaí sin iníoctha ón tráth agus tar éis a fhoilsítear an fógra seo.
Faoi Alt 7 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais), 1978 aon duine a bhí éagóirithe mar gheall ar theipeadh an Údaráis Rátála allúntas a thabhairt dóibh faoin acht nó a chreideann go bhfuil siad i dteideal allúntas difriúil seachas an ceann a thabharfar dóibh, d’féadfaidís laistigh de 2 mhí ó dháta déanta an ráta, iarratas i scríbhinn a chur chuig an tÚdarás Rátála an allúntas iomchuí a dheonú. I gcás nach gcomhlíontar an iarratas laistigh de 28 lá, féadfaidh an duine, laistigh de 4 mhí ó dháta déanta an ráta, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche go dtabharfar an allúntas iomchuí.
Gearradh na rátaí thuas ar an 19 Eanáir 2023. Ní mór, aon iarratas i leith Alt 7 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Forálacha Airgeadais) 1978 a dhéanamh chuig an Chomhairle seo tráth nach déanaí ná an 19 Márta 2023. Ní mór aon iarratas chuig an gCúirt Dúiche faoin bhforáil chéanna a dhéanamh tráth nach déanaí ná an
19 Bealtaine 2023.
Arna dhátú an 19 Eanáir 2023 seo
____________________
Áine Fenton
Ceannasaí Airgeadais gníomhach
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte