Bál Carthanachta Méara – Contae na Gaillimhe – Dé Sathairn 27 Bealtaine 2023
Máirt, 09 Beal 2023 09:45:00 BST
Preasráiteas
Tá Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Mchael (Moegie) Maher ag óstáil Bál Charthanachta Mhéara an Chontae Dé Sathairn 27 Bealtaine, 2023, in Óstán an MeadowCourt i mBaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.
Rachaidh fáltais ón Ball Charthanachta chun tairbhe dhá eagraíocht an-fhiúntach.
Is eagraíocht dheonach í Fondúireacht Ospíse na Gaillimhe a thacaíonn le hothair, a bhfuil galair aibithe orthu, a bhfuil cúram maolaitheach de dhíth orthu, chun an caighdeán saoil is fearr gur féidir a bhaint amach trí réimse seirbhísí tacaíochta a sholáthar lena n-áirítear othar cónaitheach, cúram lae agus cúram baile. Soláthraíonn siad trí Sheirbhís Sainchúraim Mhaolaithigh - Aonad Othar Cónaitheach sa Rinn Mhór, Seirbhísí Cúraim Mhaolaithigh Pobail agus Seirbhís Cúraim Lae Mhaolaithigh.
Breathnaíonn an Oispís I ndiaidh breis agus 1,000 othar in aghaidh na bliana agus tá an t-éileamh ar a gcuid seirbhísí ag méadú i gcónaí. Caithfidh siad €1.8 milliún a bhailiú lena chinntiú go leanfar de sheirbhísí Cúram Baile, Cúram Lae agus Tacaíocht Méala Ospíse a sholáthar do dhaoine ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe, chomh maith leo siúd a bhfuil cónaí orthu ar na hoileáin thadhlacha.
Tá Cumann Parkinsons na Gaillimhe ag cabhrú le daoine a bhfuil an galar parkinsons orthu le breis agus cúig bliana déag, ag cur réimse seirbhísí ar fáil, ina measc seirbhís altranais don ghalar parkinsons, fisiteiripe, teiripe urlabhra agus teanga agus club sóisialta seachtainiúil.
Mar chéad Saoránach i gContae na Gaillimhe, dúirt an Comhairleoir Maher, 'Is mór an onóir agus an phribhléid dom, le tacaíocht mo mhuintire, mo chairde agus mo chomhghleacaithe, oifig Chathaoirleach Chontae na Gaillimhe a bheith agam. Bliain dhúshlánach a bhí ann do go leor daoine, ach spreag teacht aniar, nuálaíocht agus diongbháilteacht mhuintir Chontae na Gaillimhe mé gach lá agus tá ríméad orm an deis a bheith agam Bál Charthanachta an Mhéara a óstáil agus fáilte a chur roimh gach duine chuig Óstán an Meadowcourt i mBaile Locha Riach'. Agus Bál an Mhéara á seoladh aige, dúirt an Comhairleoir Maher' Bhuail mé le daoine a oibríonn go deonach agus a bhaineann tairbhe as na Seirbhísí a chuireann Fondúireacht Ospíse na Gaillimhe agus Cumann Parkinsons na Gaillimhe ar fáil agus táim ag foghlaim faoin tionchar suntasach atá acu agus an faoiseamh a thugann siad dóibh siúd a bhaineann leas as a gcuid seirbhísí'. Dúirt sé freisin, 'Tá oíche iontach siamsaíochta beartaithe againn agus is féidir lenár naíonna a bheith ag súil go mór le tacaíocht a thabhairt do na tairbhithe fiúntacha seo agus tráthnóna iontach le bia, damhsa agus ceol'.
Dúirt an Comhairleoir Maher ''Bheinn thar a bheith buíoch tacaíocht a fháil ar mhaithe le Fondúireacht Ospíse na Gaillimhe agus Cumann Parkinsons na Gaillimhe chun airgead a bhfuil géarghá leis a bhailiú.'
Cuirfear tús leis an tráthnóna ag 7.00pm, le freastal Dinnéar ar siúl ag 7.30i.n agus beidh réimse siamsaíochta á chur ar fáil i gcaitheamh an tráthnóna, Tá ticéid 50 euro an duine. Is féidir ticéid a cheannach nó Síntiúis a chur isteach (nó tuilleadh eolais a fháil) trí theagmháil a dhéanamh le hOifig an Mhéara ag Seirbhísí Corparáideacha Comhairle Chontae na Gaillimhe – Teil: 091-509310. Is féidir le gnólachtaí nó daoine aonair ar spéis leo urraíocht a dhéanamh ar an imeacht nó síntiúis ar leith a thabhairt nó Spotduaiseanna a bhronnadh teagmháil a dhéanamh - 086 8109185. Sa chás nach bhfuil tú in ann freastal ar Bál Charthanachta an Mhéara ach gur mhaith leat deis a bheith agat síntiús a thabhairt i leith an charthanas atá roghnaithe don bliana seo, is féidir síntiúis a thabhairt don uimhir chuntais bainc seo a leanas.
IBAN LT90 3250 0694 1199 3709 BIC REVOLT21, le tagairt 'County Mayoral Ball'.
CRÍOCH – 8 Bealtaine 2023
Le haghaidh tuilleadh fiosruithe ó na meáin, déan teagmháil lenár bPreasoifigeach:
Jean Brann
Rúnaí Contae / Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach
Seirbhísí Corparáideacha
Rphost: jbrann@galwaycoco.ie
Fón: 091-509260
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte