Dréachtphlean Bainistíochta Bruscair 2023 - 2025
Aoine, 12 Beal 2023 12:17:00 BST
FÓGRA FAOI ALT 12 DEN ACHT UM THRUAILLIÚ Ó BHRUSCAR, 1997
(Plean Bainistíochta Bruscair a Athsholáthar)
Tá sé i gceist ag Comhairle Chontae na Gaillimhe Plean Bainistíochta Bruscair nua a chur in áit an ceann atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá dréachtphlean do bhainistíocht bruscair i gContae na Gaillimhe le haghaidh na 3 bliana amach romhainn ar fáil faoi láthair le haghaidh comhairliúchán poiblí. Tá d’aiseolas tábhachtach don phróiseas seo, agus táimid ag tnúth le cloisteáil uait. Breithneofar gach aighneacht sula gcríochnaítear an plean.
Tá an dréachtplean le feiceáil anseo: Dréachtphlean Bainistíochta Bruscair 2023 - 2025
Aighneachtaí/Tuairimí:
Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh leis seo d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt maidir leis an Dréachtphlean Bainistíochta Bruscair 2023-2025, go leictreonach tríd an suíomh gréasáin nó i scríbhinn chuig an Roinn Comhshaoil idir Dé hAoine an 12 Bealtaine 2023 agus Dé hAoine an 26 Bealtaine 2023 (an dá dháta sin san áireamh). Is é an spriocdháta chun gach aighneacht a fháil ná 4.30pm Dé hAoine an 2 Meitheamh 2023
Maidir le haighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt, tabhair an méid seo a leanas faoi deara le do thoil:
- Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn cloí le Cosaint Sonraí agus RGCS, cuir d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus nuair is cuí, sonraí faoi aon eagraíocht, grúpa pobail nó cuideachta etc., a ndéanann tú ionadaíocht thar a cheann), ar bhileog ar leith le hábhar d’aighneachta/do thuairime. Tá an phróiseáil seo ar do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6(1)(e) de rialacháin RGCS. Tá an Beartas um Chosaint Sonraí Comhshaoil ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt:
(a) I scríbhinn chuig: An Roinn Comhshaoil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Halla an Chontae, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX (Ba cheart Dréachtphlean Bainistíochta Bruscair 2023-2025 a mharcáil ar aon chomhfhreagras)
nó
(b) I bhformáid leictreonach ar an suíomh gréasáin tiomnaithe ag Draft Galway Co Council Litter Management Plan 2023-2025 | Galway County Council Online Consultation Portal
Is é an spriocdháta chun gach aighneacht a fháil ná 4.30pm Dé hAoine an 2 Meitheamh 2023
Déan d’aighneacht trí mhodh amháin le do thoil, i.e., i gcóip chrua nó tríd an suíomh gréasáin.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte