Ealaíontóir Scéim na Scoileanna I
- Naisc ábhartha eile
- Ealaíontóir Scéim na Scoileanna I
- An Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí
- Gradam Tyrone Guthrie
An Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna 2019
Táthar ar tí tús a chur le clár 2019 den Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna. Scéim í seo arna rith ag Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus atá oscailte do gach bunscoil agus iar-bhunscoile i gceantar riaracháin Chomhairle Chontae na Gaillimhe. An aidhm atá léi ná deis a thabhairt do leanaí oibriú le healaíontóir gairmiúil ar thogra aon-uaire sna físealaíona, damhsa, litríocht, ceol, grianghrafadóireacht, scannán, srl.
Cé nach bhfuil sé indéanta an scéim seo a thairiscint do gach scoil a dhéanann iarratas, féachtar an clár a scaipeadh a mhéid agus is féidir agus an oiread foirmeacha ealaíne agus is féidir a chuimsiú ann. Féachtar freisin leis an scéim a dhámhadh ar iarratasóirí nár éirigh leo roimhe seo.
Tabhair ar aird nach mbeidh iarratasóirí ar éirigh leo in 2017 incháilithe don bhabhta seo maoinithe.
Ní mór iarratais chomhlánaithe a chur ar ais tráth nach déanaí ná 4 pm an 30 Samhain 2017 chuig:
Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna 2019
Oifig Ealaíon
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Aras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil le Sharon nó Bernie san Oifig Ealaíon, Comhairle Contae na Gaillimhe ar 091 509177/509205 nó r-phost artsoffice@galwaycoco.ie
Sceimeanna Tacaiochta Pobail 2019 Treoirlinte d'Iarratasoiri
AIS - Bileog Eolais do Scoileanna
AIS - Foirm Iarratais D'ealaíontóirí
AIS - Scoileanna Foirm Léiriú Spéise
Seo a leanas scoileanna a fuair tacaíocht faoi “Scéim na nEalaíontóirí i Scoileanna” sa bhliain 2016:
• Scoil Mhuire (An Clochán) leis an Ealaíontóir Alannah Robins
• Scoil Iosaif Naofa (Cinn Mhara) leis an Ealaíontóir Cherie Worthington-Eyre
• SN N. Chonlao (Cill Chonla) leis an Ealaíontóir Eithna Joyce
• SN Gharfráin leis an Ealaíontóir Jacqueline Ryan
• SN N. Gaibriéil (Cill Chonaill) leis an Ealaíontóir Lily Kelly
• SN N Aithnín (Ros Cathail) leis an Ealaíontóir Louise Manifold
• Scoil Chuimín agus Caitríona (Uachtar Ard) leis an Ealaíontóir Marina Levitina
• SN Chorr an Droma leis an Ealaíontóir Martina Passman
• SN an Charnáin (Baile Átha an Rí) leis an Ealaíontóir Paul Murphy
• SN Thír Nimhin (An Gort) leis an Ealaíontóir Vicky Smith
Seo a leanas scoileanna a fuair tacaíocht faoi “Scéim na nEalaíontóirí i Scoileanna” sa bhliain 2015:
- Scoil Náisiúnta Dhúrois (Cinn Mhara), agus an t-ealaíontóir Christopher Banahan
- Scoil Náisiúnta Chill Bheaganta (An Gort), agus an t-ealaíontóir Shona MacGillivray
- Scoil na Maighdine Muire gan Smál (Camus), agus an t-ealaíontóir Mikey Ó Flatharta
- Scoil na bhForbacha, agus an t-ealaíontóir Niall Cleary
- Scoil Buachaillí Bhaile Átha an Rí, agus an t-ealaíontóir Beata Anna Fijalkowska
- Gaelscoil Riada (Baile Átha an Rí), agus an t-ealaíontóir Paul Murphy
- Scoil Náisiúnta N. Cuanna (Cill Chuanna), agus an t-ealaíontóir Mairéad Berrill
- Scoil Náisiúnta Fhothannaí, agus an t-ealaíontóir Ness Porter Kelly
Seo a leanas scoileanna a fuair tacaíocht faoi “Scéim na nEalaíontóirí i Scoileanna” sa bhliain 2014:
- Scoil Náisiúnta Naomh Fursa (An Cloichreán), agus an t-ealaíontóir Judith Higgins
- Scoil Náisiúnta Nead an Iolair, Rinn Mhaoile, agus an t-ealaíontóir Laura Cull
- Scoil Náisiúnta Inis Bó Finne, agus an t-ealaíontóir Veronika Straberger
- Scoil Náisiúnta Chill Tiarnáin Thiar, agus an t-ealaíontóir Tommy Baker
- Scoil Náisiúnta Chill Íomair, agus an t-ealaíontóir Jackie Nickerson
- Scoil Bhríde (Leacach), agus an t-ealaíontóir Kathy Ross
- Scoil Náisiúnta an tSaileáin, agus an t-ealaíontóir Genevieve Ryan
An Scéim Ealaíontóirí i Scoileanna 2017 (foirm iarratais agus treoirlinte)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte