Clár Éire Ildánach 2017-2022
- Naisc ábhartha eile
- cé muid
- Oifig Ealaíne Sonraí
- Imeachtaí Agus Ionaid
- scannán
- maoiniú
- Cláir
- Ealaíona poiblí
- Clár Éire Ildánach 2017-2022
Is é Éire Ildánach an Tionscnamh de chuid an Rialtais a eascraíonn le hOidhreacht ó Éire 2016 a cuireadh ar bun tar éis Chlár Comórtha Céad Bliain 2016. Is tionscnamh cúig bliana de chuid an Rialtais é atá bunaithe ar an gcultúr agus atá deartha chun leas daoine, pobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Tugtar aitheantas i gClár náisiúnta Éire Ildánach an tábhacht mhór atá leis na hÚdaráis Áitiúla chun teagmháil a dhéanamh le pobail agus chun cláir a chur i bhfeidhm go háitiúil i ngach ceantar. Féach www.creative.ireland.ie
Chun an straitéis náisiúnta a chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil tá Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta 2018 – 2022 curtha i dtoll a chéile ag Comhairle Chontae na Gaillimhe atá glactha ag an gComhairle agus aithnítear 8 réimse tosaíochta ann. Tacóidh foireann tras-rannach leis an Straitéis Éire Ildánach agus cuirfidh i bhfeidhm í. Ina measc sin beidh ionadaithe ó na réimsí seirbhíse seo a leanas, Leabharlanna agus Cartlanna, na hEalaíona, Oidhreacht, an Ghaeilge, Caomhnú, Ionchuimsiú Sóisialta, Spórt, Forbairt Eacnamaíoch agus Seirbhísí Corparáideacha.
In 2017 sheolamar an chéad Phlean Feidhmiúcháin ina raibh seacht gclár píolótacha a bhí ag teacht le tosaíochtaí náisiúnta Éire Ildánach. I measc na dtograí bhí Galway’s Great Read, Ballinasloe Strings Festival, Cruinniú na Cásca, Tionscadal Oidhreachta Gastranamaíochta na Gaillimhe, Architecture at the Edge, Songs for our Children, Lego for Adults, ENtopia, An Gort, agus an Silent Book Project. Bhí tionchar dearfach acu agus d’éirigh thar cionn leo.
Is í an Fhoireann Cultúir a bheidh i gceannas ar Phlean Feidhmiúcháin 2022 agus cuirfear tograí ar fáil a thagann le tosaíochtaí na Straitéise. Chomh maith leis sin beidh Scéim Dámhachtana Sparánachta Éire Ildánach 2022 á fógairt againn do ghrúpaí agus do dhaoine aonair. Is é bunchuspóir na sparánachtaí seo tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus do ghrúpaí pobail tograí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil atá ar mhaithe le cruthaitheacht, comhoibriú agus rannpháirtíocht cultúir a spreagadh i gContae na Gaillimhe.
Féach ar na naisc don Straitéis agus don Scéim Dámhachtana Sparánachta. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig creativeireland@galwaycoco.ie
Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta 2018 - 2022
https://creativeireland.gov.ie/ga/creative-communities/contae na gaillimhe
Éire Ildánach 2022 Treoirlínte d'iarratasóirí - GCC-CE-33(MG)-02
Éire Ildánach Foirm um Léiriú Spéise 2022 - GCC-CE-33(G)-02
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte