Feachtas na Ribíní Glasa
- Naisc ábhartha eile
- Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Clár Aois-Bhách na Gaillimhe
- Feachtas na Ribíní Glasa
- Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Lánpháirtíocht
- LGBTI+
- Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
- Staitisticí náisiúnta agus staitisticí
- Lucht Siúil
- Naisc Úsáideacha
- An Óige
- Aláram Deataigh
- Lá Náisiúnta Súgartha 2021
Feachtas na Ribíní Glasa 2018
Ós í mí Bealtaine mí na Ribíní Glasa, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Contae na Gaillimhe Sláintiúil gnóthach ag tabhairt amach ribíní a fuarthas ó See Change. Bí cinnte ribín a phiocadh suas i gceann ar bith de na hoifigí ceantair nó de na leabharlanna ar fud an chontae.
Tá níos mó ná 500,000 Ribín Glas á dtabhairt amach ar fud na tíre i rith mí Bealtaine ionas go spreagtar caint ar an tsláinte mheabhrach i dtithe, ag cruinnithe boird, i gceaintíní, i gclubthithe agus ar champais coláiste ar fud an chontae. Tá d'aidhm le Feachtas na Ribíní Glasa daoine a chur ag caint go hoscailte faoi ghnáthdheacrachtaí coitianta leis an tsláinte mheabhrach ionas go spreagtar daoine chun labhartha agus chun éisteachta, ionas nach n-airíonn daoine uaigneach agus go dtuigtear go bhfuil cúnamh ar fáil.
Seo í an séú bliain d'fheachtas na Ribíní Glasa atá ina gcomhartha faoin tráth seo ar an tuiscint maidir le sláinte meabhrach agus a chuidíonn leis an stiogma a cheaptar le deacrachtaí maidir leis an tsláinte mheabhrach a shárú. De réir thorthaí obair taighde a rinneadh roimh fheachtas na bliana seo caite, cheilfeadh ceathrar as gach deichniúr deacracht leis an tsláinte mheabhrach ar a gcuid gaolta, a gcuid cairde nó a gcuid comhghleacaithe oibre. Ach ní gá a bheith i do shaineolaí chun tosú ag labhairt faoin tsláinte mheabhrach agus ní gá leigheas a bheith agat ar gach cás. Is minic gurb é is fearr ar fad go dtuigfeadh daoine go raibh tú ar fáil acu agus go bhfuil tú sásta éisteacht leo.
Nithe is féidir a dhéanamh ar mhaithe leis an Ribín Glas i rith mí Bealtaine
• Bí cinnte ribín a phiocadh suas i gceann ar bith d'oifigí ceantair na Comhairle Contae nó de na leabharlanna ar fud an chontae.
• Is féidir freisin Ribíní Glasa a ordú (saor in aisce) ó láithreán gréasáin SeeChange website www.seechange.ie/green-ribbon/ agus iad a dháileadh ar dhaoine muinteartha leat agus ar dhaoine eile de do lucht aitheantais.
• Cuir ar an eolas tú féin maidir leis an tsláinte mheabhrach agus cúrsaí stiogma trí láithreán gréasáin See Change a léamh
• Las d'fhoirgneamh le solas uaine.
• Eagraigh ócáid de do chuid féin maidir leis an Ribín Glas nó tarraing na Ribíní Glasa isteach mar chuid d'imeachtaí a bhíonn ar siúl cheana féin i rith mí Bealtaine.
• Caith an Ribín Glas, san ionad oibre, sa bhaile nó ag coláiste. Taispeánann an té a chaitheann an Ribín Glas, go feiceálach agus go ciúin tairbheach, go seastar le haon duine a bhfuil deacrachtaí acu leis an tsláinte mheabhrach ionas go gcothaítear an misneach iontu tosú ag labhairt go hoscailte mar gheall ar an gcás.
Léirigh go seasann tú leis an bhfeachtas ar na Meáin Shóisialta i rith mí Bealtaine
• Lean an feachtas ar Twitter (@SeeChangeIRL), Facebook (facebook.com/SeeChangeIreland/) nó Instagram (www.instagram.com/seechangeirl/).
• Bain úsáid as an gclib #GreenRibbonIRL
Eolas faoi Fheachtas na Ribíní Glasa
See Change (www.seechange.ie) a eagraíonn Feachtas na Ribíní Glasa d'fhonn an stiogma a mhaolú a cheaptar le deacrachtaí leis an tsláinte mheabhrach agus leatrom a shárú;
• trí thimpeallacht a chruthú ina mbíonn daoine níos oscailte agus níos dearfaí maidir leis an tsláinte mheabhrach ina meon agus ina gcuid iompair.
• trí thuiscint níos fearr a chothú agus glacadh níos fearr le daoine a bhfuil deacrachtaí ó thaobh sláinte mheabhrach acu chomh maith le cúnamh taca dóibh.
• trí thimpeallacht a chruthú ina gcuirtear ar chumas dhaoine a bhfuil taithí acu ar dheacrachtaí leis an tsláinte mheabhrach comhionannas, meas agus cearta a bhaint amach.
Faigheann See Change agus Feachtas na Ribíní Glasa cistí ó Oifig Náisiúnta FSS maidir le Féinmharú a Chosc mar chuid den obair ar mhaithe le stiogma a mhaolú atá ar bun faoi scáth Connecting for Life, Straitéis Náisiúnta na hÉireann maidir le Féinmharú a Laghdú, 2015-2020.
• nosp.ie
• @NOSPIreland
• connectingforlifeireland.ie
• #connectingforlife
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte