REVAL 2023-Athluacháil Maoine Tráchtála
- Naisc ábhartha eile
- REVAL 2023-Athluacháil Maoine Tráchtála
- COVID-19: Rátaí Tráchtála a Tharscaoileadh 2022
- Déan teagmháil le Bailitheoir Ioncaim
- Tobhach Réadmhaoine na Bliana Iontrála (PEL)
- Foirm
- Cén bealach ar féidir mo chuid rátaí a íoc?
- Cén áit ar féidir mo chuid rátaí a íoc
REVAL 2023 - Athluacháil Maoine Tráchtála
Ar an 2 Meán Fómhair 2022, chúlghair an Coimisinéir Luachála, le cead ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, na hOrduithe Luachála a bhí ann cheana maidir le hathluacháil réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíochta i Chlár, Dhún na nGall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, nGaillimh, gCiarraí, Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tar éis próiseas comhairliúcháin reachtúil a bheith curtha i gcrích idir an Coimisinéir Luachála, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na hÚdaráis Áitiúla ábhartha, tá orduithe luachála nua déanta ag an gCoimisinéir
Is é an 1 Feabhra 2022, an dáta luachála a shonraítear d’Athluacháil 2023. Tá anailís déanta anois ar an eolas faoin margadh agus eiseoidh an Oifig Luachála Deimhnithe Luachála Beartaithe chuig gach Áititheoir ar an 23 Meán Fómhair, 2022. Déan athbhreithniú ar do Dheimhniú Luachála Beartaithe (Ceisteanna a Chuirtear go Minic maidir le Deimhniú Luachála Beartaithe na hOifige Luachála).
Luacháil Bheartaithe Nua a Chur i gComparáid leis na Rátaí a bhí agat in 2022
Chun críocha an méid a bheadh i gceist le do Dhliteanas Rátaí Tráchtála in 2022 dá mba rud é go raibh an Deimhniú Luachála Beartaithe i bhfeidhm i mbliana a ríomh, bain úsáid as an ráta Táscach den Ráta Bliantúil ar Luacháil (RBL), is é sin 0.21.
Mar shampla, más €5,000.00 do Luacháil Bheartaithe:
Luacháil Bheartaithe x RBL Táscach = Dliteanas Rátaí Táscach (i gcomórtas le rátaí na bliana 2022)
€5,000.00 x 0.21 = €1,050.00
Mura bhfuil tú sásta leis an luacháil bheartaithe nó leis na sonraí ar do dheimhniú, ba chóir duit athbhreithniú a iarraidh ó Tailte Eireann laistigh de 40 lá ó do Dheimhniú Luachála Beartaithe.
Tailte Eireann:
Fón 01 5846753 nó ar chostas glao áitiúil 1800 531 431
Ríomhphost reval2023@tailte.ie
Bíonn an líne chabhrach seo ar fáil ó Luan go hAoine 9rn - 1in agus 2in - 5in (gan saoirí poiblí san áireamh)
Clinicí Siúil Isteach
Bunaíodh clinicí siúil isteach chun deis a chur ar fáil duit do Luacháil Bheartaithe a phlé go díreach le Luachálaí ón Tailte Eireann. Níl coinne ag teastáil. Is féidir leat freastal ar an gClinic thíos:
Dáta |
Áit |
Am |
Dé Céadaoin 7ú Meitheamh |
Áras an Chontea, Cnoc na Radhard, Gaillimh H91 H6KX |
09:30 - 16:00 |
Tuilleadh Eolais
Tailte Eireann:
Fón 01 5846753 nó ar chostas glao áitiúil 1800 531 431
Ríomhphost reval2023@tailte.ie
Bíonn an líne chabhrach seo ar fáil ó Luan go hAoine 9rn - 1in agus 2in - 5in (gan saoirí poiblí san áireamh)
Comhairle Chontae na Gaillimhe:
Fón 091 509277
Ríomhphost REVAL2023@galwaycoco.ie
Ceisteanna a Chuirtear go Minic maidir le Deimhniú Luachála Beartaithe na hOifige Luachála
Deimhniú Luachála Beartaithe (DLB) Samplach [pdf]
Bileog Eolais Athluachála 2023
Ordú Luachála do Comhairle Chontae an Gaillimhe – REVAL 2023
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte