Ciste Gníomhaíochtaí Pobail
- Naisc ábhartha eile
- Ciste Gníomhaíochtaí Pobail
- Scéimeanna Tacaíochta Pobail
- CLÁR
- An Clár um Fheabhsú Phobail
- An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile
- An Beart um Fheabhsú Sráid-dreacha
- Suí Lasmuigh & Oiriúintí don Scéim Gnó Turasóireac
- Scéim um Dheontais Chaipitil d'Fhiontair Shóisialt
An Ciste Tacaíochta Pobail faoin gClár Feabhsúcháin Pobail 2022-2023
Tá suim €316,244 leithroinnte ar Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe (LCDC) faoin gclár agus fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar son An gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC), roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail agus saoráidí pobail laistigh de cheantar riaracháin Chontae na Gaillimhe. Is é bun agus barr an mhaoinithe seo ná lámh chúnta a thabhairt do ghrúpaí agus saoráidí i measc an ghnáthphobail trí thacú leo leanúint dá n-obair luachmhar ar an talamh – mar shampla, Hallaí Paróiste, Ionaid Pobail, Clúbanna Sóisialta, Grúpaí ICA, Grúpaí Sinsearacha Saoránach, Clubanna Óige, Bothán na bhFear, Botháin na mBan, agus tuilleadh (tá deontas caiteachas do €3,162 ar fáil do Bhotháin na mBan).
Tacóidh an Ciste Tacaíochta Pobail leis na grúpaí seo atá níos lú, go mór mór in áiteanna atá faoi mhíbhuntáiste:
A. Le Costas Fuinnimh nó le Costais Eile Oibriúcháin/Reáchtála atá le Neamhphá
agus/nó
- Deontas i leith tionscadail nó saoráidí chun trealamh a fheabhsú
Ní mór d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a chur isteach ar an dáta deiridh nó roimhe sin trí (a) leagan scanta sínithe a sheoladh ar ríomhphost chuig communitygrants@galwaycoco.ie NÓ trí (b) iad a sheoladh ar an bpost chuig Deontais Pobail, An Rannóg Forbartha Eacnamaíochta, Tuaithe agus Pobail, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte