- Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Croí Conaithe
Croí Conaithe
- Naisc ábhartha eile
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
- Tithíocht Sonraí
- Tithíocht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Réamhcheannach
- Scéime Ceannaigh Ag Tionóntaí
- Easpa Dídine
- Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta
- Áit a Aimsiú faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
- Tithe Iasachtaí
- Deontais Tithíochta
- Croí Conaithe
- Scéim Cóiríochta ar Cíos
- Tithíocht Údaráis Áitiúil
- Tithíocht Phríobháideach ar Cíos
- Ceannach réadmhaoine
- Éileamh ar Thithíocht Shóisialta
- Dréacht Chlár Um Chóiríocht Don Lucht Siúil
- Tithíocht dheonach
- Scéim do Chóiriú agus Léasú
- Tithe Folmha
- Tithíocht Shóisialta agus Míchumas
Cad é Croí Cónaithe (Bailte) 2022
Is ciste é Ciste Croí Cónaithe (Bailte) chun tacú le daoine cónaí i mbailte, sráidbhailte agus i gceantair tuaithe in Éirinn trí dheontas a chur ar fáil chun réadmhaoine folmha a athchóiriú le tosaíocht tugtha do cheantair ina bhfuil an léibhéal tréigthe ard.
Léargas ar an Scéim
- Roghanna nua do dhaoine le maireachtáil i mbailte, sráidbhailte agus i gceantair tuaithe i nGaillimh
- Deontas chun tacú le hathchóiriú réadmhaoine folamh,
- Tabharfar tús áite do cheantair a bhfuil leibhéil arda tithe folamh nó tréigthe iontu
- Beidh uasmhéid deontas suas go €30,000 ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar réadmhaoine folamh
- Caithfidh sé a bheith mar lonnaíocht do phríomháit chónaithe phríobháideach,
- Áirítear anseo athoiriúniú ar réadmhaoin nach raibh ina áit chónaithe roimhe seo
- Caithfidh an réadmhaoin a bheith réidh le cónaí ann sula n-íocfar an deontas
- Ag brath ar chead nó na díolúintí pleanála cuí a bheith i bhfeidhm
- beidh deontas breise de €20,000 ar a mhéid ar fáil má dheimnhníonn duine gairmiúil leis na cáilíochtaí cuí e.g. suirbhéir cainníochta, innealtóir etc. go bhfuil an réadmhaoin tréigthe
- nó d‘fhéadfadh sé bheith incháilithe má tá an réadmhaoin ar Chlár na Láithreán Tréigthe an údaráis áitiúil.
- Caithfidh réadmhaoine a chuirfear san áireamh a bheith folamh ar feadh dhá bhliain nó níos mó agus a bheith tógtha roimh 1993
- Is féidir deimhniú go bhfuil áit folamh trí é a fhíorú agus a bhailíochtú trí bhillí fóntais a úsáid, mar shampla, chun cabhrú leis na tréimhsí a raibh sé folamh a aimsiú
- Caithfidh an réadmhaoin a bheith in úinéireacht an iarratasóra sula n-íocfar an deontas. Is féidir leat cur isteach air fad agus atá an díolachán ag dul tríd ach ní dhéanfar an íocaíocht go mbeidh an díolachán críochnaithe
- Déanfar cigireachtaí ar oibríochtaí roimh agus tar éis na hoibre.
- Is féidir deontais SEAI a úsáid in éineacht leis an deontas seo freisin.
Tuilleadh eolais ar fáil https://www.gov.ie/en/publication/883b1-croi-conaithe-cities-scheme
Is féidir aon cheisteanna nó fiosrúcháin a sheoladh chuig: 091 509560 vacanthomes@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte