Bóithre & Iompar Foirmeacha & Ríomheolaíocht

Gniomhaíochta Pobail agus Deonacha ar Bhóithre

Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh iarratais lena n-áireamh sa scéim thuasluaite ó áitritheoirí agus ó ghrúpaí áitiúla a bhfuil suim acu cuidiú leis an gComhairle obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar Bhóithre Poiblí Áitiúla.

Tá Foirmeacha Iarratais agus breis mionsonraí le fáil ón Aonad Bóithre & Iompair, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh sna hOifigí Ceantair Comhairle seo a leanas: Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, Béal Átha na Sluaighe, Tuaim, An Clochán agus An Cheathrú Rua nó ónár láithreán gréasáin www.galway.ie / www.gaillimh.ie

Scéim Feabhsúcháin Áitiúil 2021

 

****Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an dáta deiridh chun iarratais nua a chur isteach thart anois****

SCÉIM FEABHSÚCHÁIN ÁITIÚIL 2021/2022

SCÉIM CHUN OBAIR FHEABHSÚCHÁIN AR BHÓITHRE PRÍOBHÁIDEACHA A MHAOINIÚ

(BÓITHRE NACH BÓITHRE POIBLÍ IAD)

LÉIRITHE SPÉISE

Bíonn cúnamh deontais faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil faoi réir maoiniú a bheith ar fáil ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Fáilteofar roimh iarratais ó áitritheoirí agus úsáideoirí bóithre príobháideacha (bóithre nach bóithre poiblí iad) ar mian leo páirt a ghlacadh i scéim. Tá sé beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe liosta a chur i dtoll a chéile, in ord tosaíochta, de na Scéimeanna Feabhsúcháin Áitiúla agus táthar ag súil go gcuirfear tús  leo in 2021, faoi réir maoinithe. Níl aon fhógra faighte fós maidir le cúnamh deontais Chomhairle Chontae na Gaillimhe don bhliain 2021.  

  • Tá an scéim faoi réir critéir agus coinníollacha dochta mar atá leagtha síos ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
  • Sonraítear sna treoirlínte nach mór do ranníocaíocht áitiúil na n-úinéirí talún/áitritheoirí áitiúla idir 10% agus 15% den chostas foriomlán a chlúdach sula gcuirtear tús le hobair ar bith.

Is iad seo a leanas na tionscadail bóthair atá incháilithe:

  • Tionscadail bóthair lena gcuirtear bealach ar fáil chuig gabháltais talún a bhfuil péire acu, nó níos mó ná sin, faoi úinéireacht nó á n-áitiú ag daoine éagsúla a bhfuil gnóthaí talmhaíochta ar leith ar bun acu; nó
  • Tionscadail bóthair lena gcuirtear bealach ar fáil do bheirt, nó níos mó ná sin, chun obair an fhómhair a dhéanamh (móin nó feamainn a shábháil); nó
  • Tionscadail bóthair lena gcuirtear bealach ar fáil chuig ar a laghad aon ghabháltas talún amháin atá faoi úinéireacht nó á áitiú ag duine atá i mbun gnóthaí talmhaíochta agus lena gcuirtear bealach ar fáil freisin do dhuine amháin ar a laghad ar mhaithe le hobair an fhómhair a dhéanamh (móin nó feamainn a shábháil san áireamh)
  • Chomh maith leis sin, is féidir obair a dhéanamh freisin ar Bhóithre Conláiste amhail bóithre nach bóithre poiblí iad chuig conláistí pobail mar reiligí nó láithreacha eile turasóireachta/oidhreachta.

Foirm Iarratais

Is féidir cóipeanna den fhoirm iarratais a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair agus Bóithre ar an nguthán ar 091 509309 nó seol ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie

Seol na foirmeacha iarratais comhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta ar ais chuig:

Tríd an bPost: Comhairle Chontae na Gaillimhe, Scéim Feabhsúcháin Áitiúil, Bonneagar & Oibríochtaí, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh 

Ríomhphost:  roads@galwaycoco.ie 

DÁTA DEIRIDH: 26Feabhra 2021

Féach na naisc thíos do SFA "Téarmaí agus Coinníollacha" agus an "Achoimre ar Scéim na Bliana 2020".

Téarmaí agus Coinníollacha

Achoimre ar Scéim na Bliana 2020

 

RANNPHÁIRTÍOCHT AN PHOBAIL SA SCÉIM OIBREACHA BÓTHAIR 2024-2025

Fáilteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh iarratais ó ghrúpaí áitritheoirí áitiúla lena n-áireamh i Scéim Rannpháirtíochta Pobail (CIS) chun feabhas a chur ar bhóithre áitiúla sa Chontae.

Tabhair faoi deara le do thoil gur 4.00 in. Dé hAoine an 15ú Meán Fómhair 2023 an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe.

Ní dhéanfar iarratais a bheidh deireanach a mheas.

Foirm Iarratais 2024-2025

Meabhrán Míniúcháin 2024-2025

Is féidir cóipeanna den fhoirm iarratais a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Bonneagar & Oibríochtaí (Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh) ar an nguthán ar 091 509309 nó seol ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie nó sna hOifigí Ceantair seo a leanas: Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, Béal Átha na Sluaighe, Tuaim, An Clochán agus An Cheathrú Rua.

Seol na foirmeacha iarratais comhlánaithe agus na doiciméid tacaíochta ar ais chuig:

Tríd an bPost: Comhairle Chontae na Gaillimhe,
                        Rannpháirtíocht an Phobail sa Scéim Oibreacha Bóthair,
                        Bonneagar & Oibríochtaí,
                        Áras an Chontae,
                        Cnoc na Radharc,
                        Gaillimh
                        H91 H6KX

Ríomhphost:  roads@galwaycoco.ie