Cosán an tSuímh...
Rannóg Pleanála
Rannóg Pleanála |

DRÉACHT TREOIRLÍNTE RÉIGIÚNACHA PLEANÁLA LE HAGHAIDH RÉIGIÚN AN IARTHAIR 2010 – 2022
De réir sliocht 24(4) de Achtanna Pleanála agus Forbartha 2000 – 2006, fógraíonn Udarás Réigiúnach an Iarthair go bhfuil Dréacht Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála 2010 – 2022 le haghidh Udarás Réigiúnach an Iarthair ar fáil. Ullmhaíodh na Dréacht Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála de réir Acht Pleanála agus Forbartha 2000 – 2006, Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála) 2009 agus Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004. Is é Udarás Réigiúnach an Iarthair - Comhairle Chontae Ros Comáin, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
Córas Poiblí Cuardaigh Baile Fearainn
Cuardach Baile Fearainn Dhá-theangach a cheadaíonn don phobal teorainneacha feidhmeach Chomhairle Chontae na Gaillimhe a cheangal lena mBaile Fearainn i.e. Cuardaigh Ceantair Pleanála, Ceantair Innealtóireachta, Toghranna, Toghcheantair, Ceantair Cúirte i gcomparáid le do Bhaile Fearainn.
Fogra Poibli-Na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2010- Athriuthe do Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2009-2015- Forbairt 2000-2010
Tugtar fógra leis seo go bhfuil athrú molta (Athruithe Uimh 1 & 2) ullmhaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2009-2015 de réir na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 200-2010 Athruithe: Uimh 1- Croístraitéis a Thionscnamh, Uimh 2- Straiteis Fuinnimh GaoitheAN SCÁLA TÁILLÍ D'IARRATAIS PHLEANÁLA | ||||
| AICME NA FORBARTHA | MÉID AN TÁILLE | TÁILLE le HAGHAIDH CEAD COINNEÁLA | ||
| 1. | Teach a sholáthar | € 65 | € 1.95 nó € 2.50 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bhfuiltear ag lorg cead lena aghaidh, cibé acu is mó | |
| 2. | (a) | Aon oibreacha a dhéanfar chun teaghais atá ann cheana féin a chothabháil, a fheabhsú nó a athrú (lena n-áirítear aon oibreacha chun síneadh a sholáthar nó chun aon gharáiste, stór, seid nó aon struchtúr eile a athrú le bheith in úsáid mar chuid den teagmhais). | € 34 | € 102 nó € 2.50 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bhfuiltear a lorg cead lena aghaidh, cibé acu is mó |
| (b) | Aon oibreacha eile, lena n-áirítear struchtúir a chur suas, a thógáil nó a athrú, laistigh de nó ar theorainn chúirtealáiste tí atá ann cheana, chun críocha coimhdeacha don teach a theachtadh. | € 34 | € 102 nó € 2.50 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bhfuiltear a lorg cead lena aghaidh, cibé acu is mó | |
| 3. | Foirgnimh nó struchtúir eile a sholáthar chun críocha talmhaíochta nó cúnna a choinneáil | (i) I gcás foirgneamh, € 80 an ceann, nó € 1 an méadar cearnach de spás urláir comhlán níos mó ná 50 méadar cearnach, a bheidh le soláthar, i gcás foirgnimh le haghaidh cúnna a choinneáil nó níos mó ná 200 méadar cearnach in aon chás eile, cibé acu is mó. | (i)I gcás foirgneamh, € 240 an ceann, nó € 3 an méadar cearnach de spás urláir comhlán , níos ná 50 méadar cearnach, a bheidh le soláthar, i gcás foirgnimh le haghaidh cúnna a choinneáil nó 200 méadar cearnach in aon chás eile, cibé acu is mó, | |
| (ii) I gcás aon struchtúir eile, € 80 an ceann, agus faoi réir uasmhéid de € 300 | (ii) i gcás aon struchtúir eile, € 240 an ceann, faoi réir uasmhéid de €900 | |||
| 4. | Foirgnimh seachas cinn laistigh d'aicmí 1,2, nó 3, a sholáthar. | € 80 an foirgneamh, nó € 3.60 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bheidh le soláthar; cibé acu is mó | € 240 an foirgneamh nó € 10.80 an méadar cearnach de spás urláir comhlán a bheidh le soláthar, cibé acu is mó. | |
| 5. | (a) | Talamh neamhshaothraithe nó ceantair leathnádúrtha a úsáid do chríocha diantalmhaíochta. | € 5 an heicteár d'achar an láithreáin | € 15 an heicteár d'achar an láithreáin |
| (b) | An foraoisiú tosaigh | € 5 an heicteár d'achar an láithreáin | € 15 an heicteár d'achar an láithreáin | |
| (c) | Speiceas cónaiféir a chur in ionad foraoise ard leathanduilleach. | € 80, nó €5 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | € 240, nó € 15 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | |
| (d) | Baint Mhóna. | € 5 an heicteár d'achar an láithreáin | € 15 an heicteár d'achar an láithreáin | |
| 6. | Talamh in úsáid le haghaidh | |||
| (a) | mianraí a aimsiú agus obair mhianadóireachta | € 500, nó €50 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | € 1500 nó € 150 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | |
| (b) | dramhaíl nó bruscar a dhiúscairt ann | |||
| 7. | Tálamh in úsáid le haghaidh | |||
| (a) | Pubaill, veaineanna campála, carbháin nó struchtúir eile (cibé an féidir iad a bhogadh nó nach féidir nó an mbíonn siad infhillte) do chríocha daoine a bheith ag fanacht ann i gcarbháin, daoine a bheith ag campáil nó do chríocha earraí a dhíol | € 80 , nó € 50 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | € 240, nó € 150 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | |
| (b) | mótarfheithiclí a pháirceáil | |||
| (c) | mótarfheithiclí nó rudaí nó substaintí eile a stóráil go hoscailte | |||
| 8. | Fearas nó innealra, umair nó struchtúir eile (seachas foirgnimh) do chríocha stórála a sholáthar ar thalamh, isteach thar talamh nó faoi thalamh. | € 200, nó €50 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | € 600, nó € 150 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | |
| 9. | Struchtúr fógraíochta a sholáthar nó struchtúr atá ann cheana nó talamh eile a úsáid le haghaidh fógraí a thaispeáint . | € 80, nó €20 an méadar cearnach, nó cuid de, de spás fógraíochta a bheidh le soláthar, cibé acu is mó. | € 240 nó € 60 an méadar cearnach, nó cuid de, de spás fógraíochta a bheidh le soláthar, cibé acu is mó. | |
| 10. | Línte tarchuir nó línte dáilte lasnairde chun leictreachas a sheoladh, nó línte teileachumarsáide lasnairde a sholáthar | € 80, nó €50 an 1,000 méadar ar fad, nó cuid de, cibé acu is mó. | € 240, nó € 150 an 1,000 méadar ar fad, nó cuid de, cibé acu is mó. | |
| 11. | Talamh in úsáid mar chúrsa gailf nó mar chúrsa galf dhá mhaide | € 50 an heicteár d'achar an láithreáin. | € 150 an heicteár d'achar an láithreáin. | |
| 12. | Talamh in úsáid mar áit adhlactha | € 200 , nó €50 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | € 600, nó € 150 an heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | |
| 13. | Nuair nach dtiteann an fhorbairt laistigh de na haicmí roimhe seo | € 80, nó € 10 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | € 240, nó € 30 an 0.1 heicteár d'achar an láithreáin, cibé acu is mó. | |
TÁILLÍ ILGHNÉITHEACHA | ||
| a. | Aighneacht nó Tuairim maidir le hiarratas pleanála | € 20 |
| b. | Iarratas ar dhearbhú faoi alt 5 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000, maidir le cad is forbairt ann agus cad nach ea, nó cad is forbairt díolmhaithe ann nó nach ea. | € 80 |
| c. | Iarratas faoi alt 42 den Acht um Pleanáil & Forbairt 2000, ar shíneadh a chur le thréimhse ceada. | € 62 |