Cosán an tSuímh...

Fógraí Tábhachtach d’Úsáideoirí Uisce I gContae na Gaillimhe
Fógraí maidir le srianta uisce srl.
Bailiúchán Ábhair Chontúirteacha Tí
Ta Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur seirbhís bailiúchán ábhair chontúirteacha tí ar fail ar an satharn 25ú Bealtaine 2013 in Doire an Fhéiche, Cashla, Conemara, Co. na Gaillimhe.Seachtain Bródúil do Lucht Siúil 2013
Tá Seachtain Bródúil Lucht Siúil Chonate na Gaillimhe 2013 ar súil ó 20 - 26 Bealtaine. Cliceáil thuas le haghaidh tuilleadh eolais a fháil.
Fógraí Poiblí
Tá Straitéis Cuimhneacháin na Gaillimhe dhá réiteach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair chun Deich mBliana na gCuimhneachán 2013 – 2023. Ba mhaith le Comhairle Chontae na Gaillimhe do thuairimí a fháil, i scríbhinn, ar phearsana iomráiteacha Gaillimheach an tréimhse, imeachtaí suntasacha Gaillimheach a tharla i rith na deich mbliana 1913 – 1923 agus moltaí d’imeachtaí cultúrtha, stairiúla agus oideachasúla do Chomhairle Chontae na Gaillimhe le machnamh a dhéanamh orthu i réiteach Straitéis Cuimhneacháin na Gaillimhe chun Deich mBliana na gCuimhneachán a chomóradh.
Féile na Bealtaine 2013
Beidh féile na Bealtaine ar siúl ar feadh mhí na Bealtaine agus ceiliúrfar an chruthaitheacht i measc daoine scothaosta! I mbliana arís, tá Comhairle Contae na Gaillimhe, mar chuid de Chlár Cultúir na Gaillimhe a thacaíonn le Daoine Breacaosta, tar éis Bróisiúr Bhealtaine do Chontae na Gaillimhe a chur ar fáil chun feasacht a léiriú agus a chruthú ar na himeachtaí agus gníomhaíochtaí iontacha ar fad a bheidh ar siúl ar fud na Gaillimhe.
Plean Forbartha an Chontae 2015-2021
Tá athbhreithniú tosaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Phlean Forbartha reatha Chontae na Gaillimhe 2009-2015 agus ar ullmhú Phlean Forbartha nua Chontae na Gaillimhe 2015-2021.
Nuachtlitir faoi Chuimsiú Sóisialta - Earrach 2013
Cliceáil thuas chun an t-eagrán is déanaí Nuachtlitir faoi Chuimsiú Sóisialta a fháil.
Nuachtlitir Bhord Forbartha Chontae (CDB) na Gaillimhe - Earrach 2013
Cliceáil thuas chun leigh faoi nuacht cúrsaí turasóireachtana, cúrsaí geilleagracha, ealaíona, cuimsiú sóisialta, pobail agus spóirt timpeall Chontae na Gaillimhe.
Ciste na Struchtúr i mBaol 2013
Tá an Rannóg Pleanáil Chun Cinn i gComhairle Chontae na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois le cur san áireamh faoi Chiste na Struchtúr i mBaol. Is é an data deiridh le Iarratais a sheoladh isteach chuig Rannóg Pleanáil Chun Cinn Chomhairle Chontae na Gaillimhe ná Dé hAoine 19ú Aibreán 2013 ag 4in.
Cáin Mhaoine Áitiúil
Beidh Cáin Réadmhaoine Áitiúil (CRÁ) féin-mheasúnaithe bliantúil gearrtha ar luach díola gach réadmhaoin chónaithe sa Stát i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2013. Is féidir teacht ar na suímh agus na teorainneacha d’fhorbairtí lena mbaineann eisceacht faoi Rialúcháin Airgeadais (Cáin Réadmhaoine Áitiúil) 2013 (Sliocht i leith Chontae na Gaillimhe) trí cliocáil ar an nasc seo.
Scéim Ranníocaíochtaí
Tá sé de rún ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Baile Bhéal Átha na Sluaighe tabhairt faoi athbhreithniú dá gcuid Scéimeanna Ranníocaíochta Forbartha de réir na dTreoirlínte arna sholáthar ag an Roinn Comhshaol, Pobal agus Rialtas Áitiúil.
fixyourstreet
Déanann ‘fixyourstreet’ áisiú ar thuairisciú ar ábhair neamh-éigeandála maidir le soilse sráide, draenáil, graifítí, dumpáil mídhleathach agus cothabháil bóthair agus cosáin chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe. Ceadaíonn an suíomh idirlín inrochtana poiblí do shaoránaithe monatóireacht a dhéanamh ar an bhfreagra agus idir ghníomhú leis an gComhairle ar an ábhar a bhfuil tuairisciú déanta air tríd an gcóras.
Tithe le díol i mBaile Atha an Rí, Contae na Gaillimhe. Seoladh: Páirc na hAbhann, Baile Atha an Rí
Fógraítear ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil 62 tithe le díol i mBaile Atha an Rí faoin scéim AHI.
Gradaim Oidhreachta an Chontae 2011
Ta Clár Gradaim Oidhreachta Contae bunaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe mar aitheantas ar na hiarrachtaí dearfacha agus rannpháirtíocht dhaoine aonaracha agus pobail a bhfuil sprioc na hoidhreachta curtha chun cinn acu ar fud an chontae Más mian leat dune aonair nó grupa a ainmniu scríobh nó cuir ríomhphost le do thoil i gcóir foirm ainmniúcháin chuig Oifigeach Oidhreachta Is é an data deireanach chun an fhoirm ainmniúchain comhlanaithe chur isteach ná 4 i.n Dé hAoine, 18ú Marta 2011
Scéim Deontais Oidhreachta 2011
Tugtar cuireadh do Ghrúpaí Pobail amháin iarratais a dhéanamh ar dheontais oidhreachta, ba choir na foirmeacha comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an tOifigeach Oidhreachta roimh 4 i.n Dé HaOINE, 18ú Márta 2011
FreeTrade Ireland
Seirbhís phoiblí i FreeTrade Ireland a chuireann ar do chumas earraí a bhailiú agus a chur ar aghaidh saor in aisce. Glac páirt inniu, shábháil airgid agus chosaint na timpeallacht.
Inis Oírr – Buaiteoirí Mórtas Ceantair na nOileán
Pobail bhródúla ba ea Inis Oírr agus Leitir Fraic nuair a ghnóthaigh siad Dámhachtainí Mórtas Ceantair ag searmanas fleáchais i mBaile Átha Troim i gContae na Mí oíche Shathairn seo caite.
ATHRAITHE UIMH. 2 ( STRAITÉIS FUINNIMH GAOITHE A ÁIREAMH) AR PHLEAN FORBARTHA CHONTAE NA GAILLIMHE 2009-2015
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Athraithe Uimh.2 (Straitéis Fuinnimh Gaoithe a áireamh) ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2009-2015 déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an 26ú Meán Fómhair 2011 de réir Alt 13 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 – 2010, na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004 agus an Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach (92/43/EEC) Cliceáil ar an nasc thuas le tuilleadh faisnéise a fháil
Aláram Deataigh
Sheol Méara Chontae na Gaillimhe Scéim Pobail na nAláram Deataigh don bhliain 2011, Dé Luain an 28 Márta 2011. Sa Scéim ar leith seo, comhoibreoidh an Chomhairle Contae le pobail, le soláthróirí seirbhíse agus le deonacha chun aláraim dheataigh in aisce a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha. Cliceáil ar an nasc thuas le tuilleadh faisnéise a fháil.Fógraí Tábhachtach d’Úsáideoirí Uisce I gContae na Gaillimhe
(pdf, 55 kbs, Last Updated: Céad, 30 Ean 2013 10:04:00 GMT)





