Foláireamh Aimsire ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe don 05 agus 06 Aibreán 2024
Aoine, 05 Aib 2024 14:44:00 BST
Tá stoirm Chaitlín ar an mbealach go hÉirinn i láthair na huaire agus beidh gálaí stoirme gaoithe aneas le gustaí gaoithe damáisteach.
Tionchair a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis seo:
- Coinníollacha taistil an-deacair
- Crainn tite
- Roinnt bristeacha cumhachta
- Tuilte le cósta
- Tonnta ag dul thar fóir
Tá na rabhaidh seo a leanas curtha in airde ag Met Éireann a bheidh i bhfeidhm do Chontae na Gaillimhe:
Rabhadh Buí Gaoithe d'Éirinn (ar fud na tíre) don Satharn 5rn go 8in
Rabhadh Oráiste Gaoithe stádas do Ghaillimh agus Maigh Eo don Satharn 9rn go 6in
Rabhadh Oráiste Stoirme ó Rinn an Róistigh go Ceann Léime go Ceann Ros Eoghain Dé Sathairn 7rn go 1in
Tabhair faoi deara go bhféadfadh na rabhaidh seo athrú. Seiceáil Met Éireann le haghaidh nuashonruithe ag https://www.met.ie/
Molann Comhairle Chontae na Gaillimhe do thiománaithe moilliú ar a gcuid siúil agus níos mó achair choscánaithe a cheadú san aimsir fhliuch, go háirithe ar bhóithre ar nós mótarbhealaí agus débhealaí, áit a bhfuil baol ann go gcuirfear scinneadh ó uisce orthu.
D'fhéadfadh crainn a bheith tite, línte cumhachta tite, agus smionagar ar na bóithre a bheith mar thoradh ar ghaoithe láidre. Ba chóir do thiománaithe a bheith an-chúramach.
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe fós ag déanamh monatóireachta ar an scéal agus tá criúnna faoi réir.
Tá Seirbhís Éigeandála taobh amuigh d'Uaireanta Oibre Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar fáil do cheisteanna a dteastaíonn aird phráinneach agus láithreach ó bhall foirne Chomhairle Chontae na Gaillimhe uathu trí ghlaoch ar 091 509069
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte