N59 Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn
- Naisc ábhartha eile
- Chuarbhóthar Bhaile Átha an Rí ó Thuaidh
- N63 Lios an Choirthe go dtí an Mhainistir
- Ailíniú an N17 Baile an Mhuilinn go Gort na Gonaid
- Scéim Athghiniúna Tuaithe an N83 Dhún Mór
- Díothú IAPS
- Seirbhíse M6
- Mótarbhealach an M17 M18 An Gort / Tuaim
- N59 An Clochán - An Teach Dóite
- N59 Seachbhóthar Mhaigh Cuilinn
- R336 Bearna go Scríb via Ros An Mhíl
SEACHBHÓTHAR MHAIGH CUILINN (N59)
Mar chuid de Thogra Sheachbhóthar Mhaigh Cuilinn (N59), beartaítear seachbhóthar caighdeánach le haon charrbhealach amháin atá 4.3 km ar fad a thógáil timpeall ar bhaile Mhaigh Cuilinn agus na hoibreacha tánaisteacha ar fad. Tá an togra ar fad suite laistigh de Chontae na Gaillimhe agus síneann sé ó bhaile fearainn Dhroim Chonga tuairim is 1.5 km siar-ó thuaidh de bhaile Mhaigh Cuilinn go dtí baile fearainn Chlaídí tuairim is 2 km soir-ó dheas de bhaile Mhaigh Cuilinn.
Aidhmeanna na Forbartha a Bheartaítear
Sonraíodh na haidhmeanna ginearálta i dtaca le bóithre náisiúnta a fhorbairt i gcáipéisí a bhaineann le Pleananna Forbartha Náisiúnta agus cáipéisí a bhaineann le polasaithe pleanála. Go háirithe, áirítear na nithe seo a leanas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2007 - 2013 mar chuid den Straitéis do Bhóithre Náisiúnta: -
- intaofacht an chórais iompair bóithre a fheabhsú trí dheireadh a chur le scrogaill tráchta;
- easnamh inniúlachta a réiteach agus tréimhsí iomlána taistil agus difríochtaí i dtréimhsí taistil a laghdú;
- an t-infreastruchtúr iompair bóthair a fheabhsú idir réigiúin agus laistigh de réigiúin;
- cur le hiomaíochas na hearnála táirgiúla agus forbairt chothrom réigiúnach a chothú;
- a chinntiú gur féidir teacht agus imeacht níos éasca ó chalafoirt agus ó aerfoirt leis an bpríomh-aidhm an tionchar diúltach a bhaineann le forimeallachas a mhaolú;
- Cur le polasaithe inmharthana iompair, fás leanúnach eacnamaíochta agus forbairt réigiúnach a chothú agus ard-leibhéal cosanta timpeallachta a chinntiú; agus
- cabhrú na spriocanna a bhaineann le Straitéis Sábháilteachta Bóithre an Rialtais a bhaint amach i dtaca le líon na ndaoine a maraítear agus líon na ndaoine a ghortaítear go dona mar thoradh ar thimpistí bóthair a laghdú.
An Chúis go bhfuil an Fhorbairt Bheartaithe Bóthair seo de Dhíth
Pleanáil agus Forbairt
Maidir le pleanáil, tugtar tacaíocht don riachtanas straitéiseach náisiúnta don fhorbairt bóthair a bheartaítear i roinnt cáipéisí polasaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla lena n-áirítear :-
- Éirinn – An Plean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 (NDP);
- Infreastruchtúr agus Infheistíocht Chaipitil 2012 - 2016 : Creatlach Meán-Téarma an Státchiste
- An Straitéis Spáis Náisiúnta 2002 - 2020 (NSS);
- Taisteal níos Cliste - Todhchaí Inmharthana Iompair 2009 - 2020 (Taisteal níos Cliste);
- Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála do Réigiún an Iarthair 2010 - 2022,
- Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2009 - 2015,
- Plean Ceantair Áitiúil don Ghaeltacht;
- Plean Ceantair Áitiúil Mhaigh Cuilinn 2005 - 2011; agus Staidéar ar an Riachtanas do Bhóithre Náisiúnta Tánaisteacha (NSRNS).
Áirítear an togra freisin ina aidhm straitéiseach de Thionscadal Éireann 2040.
Foilsíodh an EIS agus an CPO i Mí na Nollag 2011. Reáchtáladh an éisteacht ó bhéal thar 3 lá ón 1 go dtí an 3 Bealtaine 2012. D’eisigh An Bord Pleanála ordú a cheadaigh an fhorbairt bheartaithe agus a dhearbhaigh an CPO i Mí na Samhna 2012.
Easnaimh sa Bhealach atá ann faoi láthair
Tá an píosa den N59 atá le feabhsú/le cóiriú san fhorbairt a bheartaítear tuairim is 3.9 km ar fad, agus téann sé trí bhaile Mhaigh Cuilinn agus is cuid den phríomh-shráid atá ann. Tá míreanna tuaithe agus uirbeacha ann. Ní cheadaítear dul thar 100 km san uair ar na míreanna tuaithe den bhealach atá ann faoi láthair. Ní cheadaítear dul thar 50 km san uair i mbaile Mhaigh Cuilinn ar feadh tuairim is 1.7 km ar fad. Chomh maith leis sin, rialaíonn comharthaí an trácht ag an acomhal idir an N59 / Bóthar Knockferry / An Spidéal.
Mar thoradh ar na cúinsí seo, astu féin agus le chéile, bíonn moill ar an trácht, go háirithe le linn buaicthréimhsí. Meastar go laghdóidh an fhorbairt a bheartaítear tréimhsí taistil tuairim is 3 nóiméad bunaithe ar an buaicthréimhse na maidine sa chéad bhliain. Meastar go laghdóidh an tréimhse taistil tuairim is 8 nóiméad sa bhliain deartha.
Is féidir a rá go méadaíonn an líon tráchta sa bhaile scaradh an phobail agus laghdaíonn sé sábháilteacht bhóthair. Mar gheall ar na héilimh a thagann salach ar a chéile ar na bóithre, laghdaíonn sé an acmhainn tráchta agus cuireann le tréimhsí taistil ar an mbealach náisiúnta. Meastar go dtiocfaidh laghdú 74% ar thrácht sa bhaile ó thuaidh den acomhal a bhfuil na comharthaí air agus laghdú 53% ó dheas den acomhal mar gheall ar an seachbhóthar a bheartaítear.
Tá leithead pábháilte tuairim is 5.5m ar thuairim is 90% ar phíosa bóthair an N59 ón teorainn luais i Maigh Cuilinn agus an áit a cheanglaíonn sé leis an taobh thoir den bhaile. Níl aon chrua-ghrua ann agus tá imeall níos lú ná 1 m ar an dá thaobh.
Tabharfaidh an seachbhóthar a bheartaítear tras-mhír do charrbhealach aonair de Chineál 1 pábháilte 12.3 m agus imeall bog 3 m ar an dá thaobh.
Agus aird á tabhairt ar an méid tráchta agus ar an gcineál tráchta a bhíonn ar an N59 faoi láthair, tá baol sábháilteachta ann d’úsáideoirí ar fad an bhóthair mar gheall ar an tras-mhír easnamhach ar na píosaí bóthair atá faoin tuath, lena n-áirítear iad sin atá leochaileach ar an mbóthar. Go minic ní bhíonn an dóthain amhairc acu sin a bhfuil rochtain dhíreach acu ar an mbealach ná acu sin atá ag teacht ó bhóithre áitiúla. Tá baol mór sábháilteachta ann dóibh sin a bhíonn ag siúl nó ag rothaíocht ar an mbealach mar gheall ar na heasnaimh a bhaineann leis an mbealach atá ann faoi láthair.
Áirítear mar chuid den fhorbairt a bheartaítear uasghrádú a dhéanamh ar mhíreanna den N59 atá ann cheana agus bóithre áitiúla eile a cheanglaíonn leis an seachbhóthar. Áirítear orthu sin, cosáin, feabhsuithe ar na línte radhairc ag acomhail agus soilse poiblí. Rachaidh na hoibreacha seo i ngleic leis na heasnaimh a shonraítear thuas.
Tá radharc iomlán easnamhach ar an bhfad a theastaíonn chun stopadh agus dul thar an áit don teorainn luais a cheadaítear ar chuid mhaith den bhealach mar gheall ar an ailíniú cothrománach agus ingearach atá ar an mbóthar atá ann faoi láthair.
Is minic a bhíonn caighdeán íseal ar na hacomhail idir bóithre áitiúla agus an N59 atá ann i dtaca le leithead, leagan amach agus radharc d’fheithiclí ar na príomh-ghéaga agus ar na mion-ghéaga araon. Tá deacrachtaí sábháilteachta ann mar gheall ar líon na n-acomhal agus bealaí príobháideacha ar phíosaí tuaithe den N59. Éiríonn na deacrachtaí sin níos measa mar gheall ar an gcineál tráchta atá i gceist; meascán idir fheithiclí malla agus tapa agus é níos measa fós mar gheall ar an tras-mhír atá ar chaighdeán íseal.
Is é an N59 an phríomh-shráid trí bhaile Mhaigh Cuilinn agus úsáideann tuairim is 13,000 feithicil gach lá é lena n-áirítear breis is 450 feithicil earraí troma. Bíonn coimhlint ann dá bharr idir thrácht áitiúil agus thrácht náisiúnta, choisithe agus fheithiclí, thrácht ó thuaidh/ó dheas ar na bóithre áitiúla agus thrácht soir/siar ar an N59. Meastar go mbeidh tuairim is 600 feithicil earraí troma á úsáid faoin mbliain 2028. Meastar go dtiocfaidh laghdú tuairim is 67% ar líon na bhfeithiclí earraí troma tríd an mbaile siar-ó thuaidh den acomhal le comharthaí ann agus 62% soir-ó dheas den acomhal sa bhliain Dheartha mar gheall ar an bhforbairt atá beartaithe. Is ionainn é seo agus laghdú ar líon na bhfeithiclí earraí troma, de 406 fheithicil agus 436 fheithicil faoi seach.
Ar feadh an N59 atá ann faoi láthair tá seacht n-acomhal déag le tosaíocht ag-grád leis na bóithre áitiúla - aon cheann déag díobh i gceantair thuaithe agus na sé (6) chinn eile suite
sna limistéir le teorainn luais. Tá formhór mór na n-acomhal seo ar chaighdeán íseal i dtaca le hailíniú agus/nó leagan amach céimseata.
Chun dul i ngleic leis an trácht atá ann faoi láthair tá comharthaí anois ar an acomhal idir an N59 agus na Bóithre Áitiúla L1320 (Bóthar an Spidéil) agus L1313 (Bóthar Knockferry) i lár bhaile Mhaigh Cuilinn. Rialaíonn an t-acomhal seo trácht tríd an mbaile agus tugann sé deis do choisithe trasnú. Cruthaíonn an t-acomhal seo scrogall suntasach tráchta ar an N59 agus cuireann sé leis an moill ar thrácht straitéiseach ar an mbealach náisiúnta, a mhéadaíonn tréimhsí taistil agus difríochtaí idir tréimhsí taistil.
Chomh maith leis na hacomhail phoiblí, lasmuigh de na teorainn luais sa bhaile, tá nócha (90) pointe rochtana ó thithe/ó fheirmeacha/ó pháirceanna agus ó ghnóthais thráchtála chuig an N59 laistigh de limistéar an staidéir. Tá baol féideartha sábháilteachta ag baint le gach ceann díobh seo agus laghdaíonn sé acmhainn an bhóthair atá ann faoi láthair go mór.
Beidh laghdú suntasach ar líon na dtimpistí bóthair mar gheall ar an bhforbairt seo atá beartaithe.
Cur Síos Ginearálta ar an bhForbairt atá Beartaithe
Áirítear na gnéithe seo a leanas mar phríomh-ghnéithe den fhorbairt atá beartaithe:
- 4.3 km de Bhóthar Náisiúnta Tánaisteach a chuimsíonn carrbhealach aonair de Chineál 1, de réir shonraí na tras-míre a shonraítear in NRA TD 27/07. Tugtar achoimre orthu seo agus ar thras-mhíreanna ábhartha eile i dTábla ES 2 thíos.
- 4.7 km d’fheabhsuithe ar bhóithre áitiúla/ailíniú lena n-áirítear ailíniú ar Bhóthar Knockferry thar tuairim is 0.85 km ar fad agus uasghrádú ar an rochtain ón gceantar soir-ó dheas den timpeallán a bheartaítear go dtí imeall an bhaile thar tuairim is1.3 km ar fad;
- 1.7 km de bhóithre feirme iostais;
- 2 uimh. timpealláin ag-grád;
8 struchtúir a chuimsíonn 5 dhroichead (lena n-áirítear droichead amháin (1) thar an N59 atá beartaithe, 2 dhroichead trasna na canála, droichead amháin (1) don N59 a bheartaítear trasna Abhainn Loch an Chip agus an droichead atá ar an N59 faoi láthair trasna Abhainn Loch an Chip a chóiriú, 2 íosbhealach agus tóchar amháin (1) ;
- 5.8 km de chosán/bealach rothaíochta;
- Sconsaí, Oibreacha Draenála agus Tírdhreachtaithe;
- Beartais Maolaithe Timpeallachta:
- Fóntais agus Oibreacha Aistrithe Seirbhíse
- Cuirfear soilse poiblí ar fáil in aice leis an dá thimpeallán, ar feadh Bhealach ailínithe Knockferry agus rochtain níos fearr ar an mbaile.
- Oibreacha Iostais; agus
- Oibreacha tánaisteacha eile ar fad.
Dhearbhaigh An Bord Pleanála Ordú Ceannaithe Éigeantaigh don scéim i Mí na Samhna 2012. Tugadh Fógra Gnóthaíochta ar an 27 Lúnasa 2013 agus tugadh Fógra Iontrála ar an 16 Meán Fómhair 2013. Chuathas isteach ar na tailte go foirmeálta ar an 3 Deireadh Fómhair 2013 de réir na bhfógraí thuas.
Tá éadáil talún ionainn is críochnaithe i ndáil le 93 chás talún aontaithe ó 108 gcás talún ar an iomlán. Tá réamh-chonarthaí i dtaca le sconsaí agus seandálaíocht tugtha chun críche anois. Tá comhairleoirí RPS ceaptha chun cuidiú le Comhairle Chontae na Gaillimhe i dtaca le mioncháipéisí deartha agus conarthaí a ullmhú. Meastar go mbeidh cáipéisí conartha ar mhaithe le tairiscintí réidh sa bhliain 2021.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte