Athghiniúint
 
Is ionann Tionscadal Éireann 2040 agus straitéis uileghabhálach fhadtéarmach an rialtais chun go mbeidh Éirinn níos fearr do mhuintir na tíre ar fad. Athraítear mar a dhéantar infheistíocht i mbonneagar poiblí in Éirinn leis an bplean, ag imeacht ón gcur chuige a bhí ann roimhe seo, nuair a rinneadh an iomarca leis an infheistíocht agus nuair a rinneadh cinntí maidir le hinfheistíocht nach raibh ag teacht le straitéis a bhí dea-ullmhaithe agus a bhí leagtha amach go maith. Chomh maith le forbairt a dhéanamh ar bhonneagar fisiciúil, tacaíonn Tionscadal Éireann 2040 le gnó agus le pobail ar fud na hÉireann ar fad lena gcumas iomlán a bhaint amach.
 
Faoin bhfoireann
 
Bhunaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe a Foireann um Athghiniúint ildisciplíneach in Eanáir 2020. Tá an fhoireann freagrach as an infheistíocht straitéiseach seo a chur i bhfeidhm ar fud Chontae na Gaillimhe. Bíonn an fhoireann ag obair le pobail áitiúla agus le páirtithe leasmhara, cuidíonn sí chun deiseanna athghiniúna a aithint agus déanann iarratais ar thacaíocht airgeadais trí shruthanna maoinithe éagsúla. Chomh maith leis sin, déanann an fhoireann na tionscadail a n-éiríonn leo a bhainistiú go dtí go dtugtar chun críche iad.
 
Déan teagmháil linn
 
Má tá aon fhiosruithe agat nó más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann seol ríomhphost chuig regeneration@galwaycoco.ie
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Cóipcheart © Comhairle Chontae na Gaillimhe