An Óige
- Naisc ábhartha eile
- Eolas faoi Chuimsiú Sóisialta
- Clár Aois-Bhách na Gaillimhe
- Contae Sláintiúil na Gaillimhe
- Lánpháirtíocht
- LGBTI+
- Lá Náisiúnta Súgartha 2021
- Aláram Deataigh
- Staitisticí náisiúnta agus staitisticí
- Seachtain um Chuimsiú Sóisialta
- Lucht Siúil
- Naisc Úsáideacha
- An Óige
Soláthraíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe riar tacaíochtaí óige
Comhairle na nÓg
Comhairle áitiúil don óige í Comhairle na nÓg, Contae na Gaillimhe, a thugann deis do dhaoine óga plé a dhéanamh agus dul i gcomhairle faoi shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh. Tugann sé seo deis dóibh a gcuid tuairimí a nochtadh agus éisteacht le barúlacha daoine eile agus leis an lucht déanta beartas. Cuireadh Comhairle na nÓg ar bun faoin Straitéis Náisiúnta Leanaí (2000) sna 34 Bord Forbartha Contae agus Cathrach ar fud na tíre.
Comhairlí Áitiúla
Tá sé Chomhairle Áitiúla ann – Béal Átha na Sluaighe, Baile Locha Riach, Órán Mór, Tuaim agus Conamara (Conamara Thuaidh a chlúdaíonn lucht na Galltachta agus Conamara Theas a chuimsíonn pobal na Gaeltachta). Tagann siad le chéile a mhinice agus is féidir agus tá sonraí teagmhála gach ceantair faoi iamh thíos.
Más spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil i dtaobh theagmhálaithe áitiúla Chomhairle na nÓg, Contae na Gaillimhe, cliceáil anseo:
Coiste An Chontae
Le cois na gcoistí áitiúla, buaileann coiste an chontae le chéile uair amháin sa mhí, ar an Satharn de ghnáth, in oifigí Jigsaw i gCathair na Gaillimhe. Roghnaítear baill an choiste chun ionadaíocht a dhéanamh dá gceantar áitiúil ar an gcoiste seo. Déanann an coiste plé ar ‘Saincheist Chontae’. Ina theannta sin, glacann siad páirt i gcomhairliúchán náisiúnta agus déanann siad freastal ar roinnt imeachtaí náisiúnta agus áitiúla. Bhí baint ag corrbhall anuraidh le comhairliúchán náisiúnta i ndáil le hathruithe ar an Teastas Sóisearach.
Tionólann Comhairle na nÓg, Contae na Gaillimhe, Cruinniú Ginearálta Bliantúil (AGM) gach bliain.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Chomhairle na nÓg tabhair cuairt ar www.comhairlenanog.ie nó www.facebook.com/CountyGalwayComhairlenanOg
Dáil na nÓg
Is í Dáil na nÓg Parlaimint Óige na hÉireann. Tugann sí deis do dhaoine óga tuairimí na ndaoine atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a chur in iúl go náisiúnta, agus athruithe a iarraidh chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine óga in Éirinn. Déantar an t-aos óg a thoghadh ar Dháil na nÓg trí Chomhairlí na nÓg áitiúla. Ainmnítear ionadaí amháin ó gach Comhairle ar Chomhairle Dháil na nÓg. Déanann siad plé ar mholtaí ón Dáil agus déanann siad a ndícheall athruithe a dhéanamh le haghaidh an ógra sna réimsí sin.
Más spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil i dtaobh Dháil na nÓg, téigh ar líne chuig www.dailnanog.ie.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte