Mórtas Ceantair
- Naisc ábhartha eile
- Gradaim Pobail an Chathaoirligh
- Mórtas Ceantair
Comórtas Uile-Éireann atá sna Gradaim um Mórtas Ceantair ar a dtugtar “Oscars na hEarnála Pobail” a thugann aitheantas don obair a dhéanann pobail ar fud oileán na hÉireann agus a dhéanann an obair sin a cheiliúradh. Reáchtálann Comhoibriú Éireann clár na ngradam bliantúil i gcomhar le húdaráis áitiúla ó thuaidh agus ó dheas, agus is é IPB Insurance an príomh-urraitheoir.
Cuirtear isteach ar an gComórtas trí ainmniúcháin ó údaráis áitiúla amháin agus tá Léirithe Spéise á lorg ag Comhairle Chontae na Gaillimhe anois ó phobail áitiúla gur mian leo ainmniúchán a lorg don Chomórtas Náisiúnta um Mórtas Ceantair, 2022.
Ní mór Léirithe Spéise a chur in iúl trí achoimre cló-bhuailte ar aon leathanach amháin a scríobh ar an bhFoirm Léirithe Spéise agus a sheoladh ar ríomhphost chuig awards@galwaycoco.ie ar an dáta deiridh áitiúil, Dé hAoine, 6ú Bealtaine 2022.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte