Alt 254 Ceadúnais
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá don phróiseas pleanála
- Alt 254 Ceadúnais
- Forbairtí Díolmhaithe
- Eastáit tithíochta a thógáil i gcúram
- Comhlíonadh Pleanála
- Cruinnithe Réamhphleanála
- Forbairtí Cónaithe ar Mhórscála (FCM)
Alt 254 - Iarratas ar chomharthaí, fearais, déanmhais etc. a cheadúnú
Beidh an t-eolas/an cháipéisíocht a leanas de dhíth le gach aon iarratas:
- Alt 254 - Iarratas ar chomharthaí, fearais, déanmhais etc. a cheadúnú chomhlánaithe
- Sonraí maidir leis an gcineál gnó agus an gá atá le suíocháin agus fearais lasmuigh.
- Sonraí maidir le d'árachas dliteanais phoiblí
- Sonraí uile maidir le cóireáil ar an limistéar ar mhaith leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas ina leith. Áireofar air sin:
- limistéar teoranta lasmuigh de do ghnó ag brath ar an riachtanas agus an cás a rinneadh,
- cóiriú na teorann
- líon na mbord/na gcathaoireacha a bheidh le cur ar fáil (ní fhéadfar struchtúir a chur ar an gcosán)
- Litreacha ceadaithe/toilithe ó na gnónna /foirgnimh atá taobh leis an limistéar ina gcuirtear in iúl nach bhfuil aon agóid acu ina leith.
Déanfar gach iarratas a mheas ar bhonn cás ar chás, ar bhuanna na n-iarratas agus i gcomhar leis an Oifig Ceantair.
Is do shuíocháin ar réadmhaoin phoiblí amháin a eisítear ceadúnais. Ní mór cead an úinéara talún a bheith faighte do shuíocháin ar réadmhaoin phríobháideach agus d'fhéadfadh ceadúnas pleanála a bheith de dhíth.
Tá struchtúir shealadacha díolmhaithe ó phleanáil do 2021.
Is féidir fiosruithe ar fad a sheoladh chuig outdoorseating@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte