Dámhachtain an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais
- Naisc ábhartha eile
- Dámhachtain an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais
- Tránna Eile
- Rannpháirtíocht an Phobail
- Liosta De Tránna I gContae Na Gaillimhe
Tá an-áthas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil Dámhachtain an Bhrait Ghoirm a bhfuil an-cháil air bronnta ar chúig thrá i gContae na Gaillimhe agus go bhfuil Dámhachtain an Chósta Ghlais bainte amach ag sé thrá eile le haghaidh 2015.
An Fhondúireacht um Oideachas Imshaoil (FEE) a chuir Feachtas Idirnáisiúnta an Bhrait Ghoirm ar bun agus is í An Taisce a dhéanann bainistíocht uirthi in Éirinn le tacaíocht ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
Bronntar an Brat Gorm ar thránna agus ar mhuiríní a chomhlíonann sraith shonrach critéar lena n-áirítear:
• Faisnéis agus oideachas comhshaoil a sholáthar
• Cáilíocht uisce den scoth
• Sábháilteacht agus seirbhísí mar gardaí tarrthála agus saoráidí leithris
Bronnadh Dámhachtain an Bhrait Ghoirm ar na tránna seo a leanas:
• An Pointe Fada, Loch Riabhach, Baile Locha Riach
• Trácht, Cinn Mhara
• Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua
• An Trá Mhór, Indreabhán
• Trá Chill Mhuirbhigh, Inis Mór
Bronnadh Dámhachtain an Chósta Ghlais ar shé thrá i gContae na Gaillimhe. Tugann an dámhachtain seo aitheantas do láithreacha snámha in áiteanna ardscéimhe a bhfuil na nithe seo a leanas ag baint leo:
• Cáilíocht uisce den scoth
• Plean bainistithe comhshaoil arna ullmhú i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla
Fuair na tránna seo a leanas Dámhachtain an Chósta Ghlais:
• Poll na gCaorach, Formna, Inis Oírr
• An Aill Bhreac, Baile Conaola
• Trá Inis Oírr
• Dumhach, Inis Bó Finne
• An Ceann Thoir, Inis Bó Finne
• Trá Rinn Mhaoile, Crois na Tulaí
Ba mhaith le Comhairle Chontae na Gaillimhe buíochas a ghlacadh leis na pobail as a rannpháirtíocht agus a gcúnamh chun na dámhachtainí seo a bhaint amach. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.bathingwater.ie.
Trá Bróisiúir:
Traught
Tra Mor Indreabhan
Inis Mór
Tra an Doilin An Cheathru Rua
Loughrea
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Féilire
Imeachtaí
Gaeilge
agus Fáilte