CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL A ATHRÚ
Céad, 08 Meith 2022 17:06:00 BST
CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL A ATHRÚ - FÓGRA MAIDIR LE BREITHNIÚ A DHEANAMH I dTAOBH FACHTÓIR COIGEARTAITHE ÁITIÚIL A SHOCRÚ (AN RÁTA CÁNACH MAOINE ÁITIÚLA A MHÉADÚ/A LAGHDÚ NÓ AN RÁTA SIN A FHÁGÁIL GAN ATHRÚ)
______________________________________________________________
Leis an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), foráiltear go sonrach go bhféadfaidh ionadaithe tofa údaráis áitiúil rún foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla ina limistéar riaracháin a athrú de réir céatadán ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil.
Le linn an chruinnithe atá socraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun an t-ábhar seo a bhreithniú, féadfaidh na comhaltaí fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de raon +/- 15% den bhunráta nó féadfaidh siad a chinneadh gan an bunráta a choigeartú.
Tiocfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le chéile i Meán Fómhair 2022 chun breithniú a dhéanamh i dtaobh fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú.
Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte roimh aighneachtaí i scríbhinn ó dhaoine den phobal maidir leis an ábhar seo, go sonrach maidir leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do ghnóthaí, do dhaoine aonair agus do sheirbhísí údaráis áitiúil mar thoradh ar athrú a dhéanamh ar bhunráta na Cánach Maoine Áitiúla.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte againn faoin 05 Meán Fómhair 2022 agus ní mór iad a sheoladh:
chuig Rannóg na gCuntas Iníoctha (aighneachtaí Cánach Maoine Áitiúla), An Roinn Airgeadais, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX
nó
ar ríomhphost chuig: lpt@galwaycoco.ie
Jim Cullen, Príomhfheidhmeannach
15 Iúil 2022
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte