Téarmaí & Coinníollacha
- Naisc ábhartha eile
- Eolas ar do Chomhairle
- Cosaint Sonraí
- Vótáil - Clár na dToghthóirí
- Oifigí Ceantair
- Oifigigh Phoiblí Shainithe faoin Acht 2015
- Na Comhairleoirí
- Eolas ar do Chomhairle
- Seirbhís Custaiméara
- Doiciméid Corparáideacha
- Cláir agus Miontuairiscí
- Tinreamh & Íocaíochtaí na gComhaltaí
- Baill Choistí Polasaí Straitéiseach & Miontuairis
- Comhchoiste Póilíneachta
- Nochtuithe Cosanta
- Scéim Foilseacháin SF
- Airgeadais
- Fodhlíthe maidir
- Do Chearta ar Fhaisnéis
- Deich mBliana na gCuimhneachán 2013 - 2023
- Eitic
Téarmaí & Coinníollacha
Léigh an méid seo leanas go cúramach sul má úsáideann tú an suíomh idirlín seo. Tríd an láithreán gréasáin seo a úsáid, tá tú ag comhaontú, agus ag deimhniú go gcomhaontaíonn tú leis na téarmaí agus coinníollacha seo. Mura bhfuil tú in ann glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha seo na úsáid an suíomh idirlíon seo le do thoil.
Tá cosc ort aon ábhar mídhleathach, bagartha, clúmhillteach, aithiseach, gáirsiúil, pornagrafach, leatromach a phostáil air nó a sheoladh chuig nó uaidh an suíomh seo nó aon ábhar eile a d’fhéadfadh dlí a bhriseadh. Déanfar aon chumarsáid chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe a dhéantar tríd an suíomh idirlín seo agus a úsáideann ábhar gáirsiúil nó pornagrafach a stopadh agus déanfar neamhaird de. Tá an ceart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe aon phostáil nó aighneacht a dhéantar chuig an suíomh seo a athrú nó a scriosadh.
Chomh maith leis sin, tá an ceart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe cuntas úsáideora a thógáil den suíomh seo má tá aon úsáideoir nach bhfuil ag cloí le aon cheann de na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an suíomh seo, coinníollacha cóipchirt agus príobháideachta san áireamh.
Séanadh
Cuimsíonn suíomh idirlín Chomhairle Chontae na Gaillimhe eolas ón iliomad foinsí, cuid acu nach bhfuil faoi smacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Cé go bhfuil chuile aire réasúnta tugtha do réiteach agus foilsiú ábhar an tsuímh seo, níl sé i gceist, ná ní cóir é a bheith le tuiscint, go bhfuil ionadaíocht nó baránta á dhéanamh nó á thabhairt ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, nó thar ceann na Comhairle, maidir le cruinneas nó oiriúnacht an eolais nó an t-ábhar atá ar fáil san acmhainn seo.
Baineann úsáideoir úsáid as an suíomh gréasáin seo go hiomlán ar a phriacal / a priacal féin agus ní bheidh Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrach, go díreach nó go hindíreach, don úsáideoir nó aon tríú páirtí eile as aon damáiste mar thoradh ar úsáid an eolais anseo istigh nó intuigthe ar shuíomh Idirlíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Ní ghlacann Comhairle Chontae na Gaillimhe le aon dliteanas dlíthiúil nó eile as aon mhí chruinneas, míráiteas nó aon bhotún eile d’aon chineál atá anseo istigh.
Séanann Comhairle Chontae na Gaillimhe leis seo go foirmiúil dliteanas i leith na hábhair thuasluaite.
Tá an t-eolas ar an suíomh idirlíon seo comhdhlúite agus ginearálta amháin agus is féidir leis athrú ó am go ham. Níor cheart brath air, as fhéin, i ndearbhú ceart dlíthiúla nó cinnithe eile. Moltar do chuairteoirí chuig an suíomh aon eolas a bheadh siad ag brath air a dhearbhú le Comhairle Chontae na Gaillimhe trí theagmháil dhíreach agus bheo.
Ní bheidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, a Comhairleoirí, stiúrthóirí, fostaithe, freastalaithe agus gníomhairí, cleamhnaithe nó ionadaithe eile agus a máthair- agus fo- chomhlachtaí faoi dhliteanas maidir le aon éileamh, éigeandáil, éileamh, cúiseanna gnímh, damáistí, caillteanais, costais, ag cuimsiú d’éagmais teorainn, táillí dlí réasúnacha, agus costais imeachtaí ag éirí as nó i gceangal le úsáid agus/nó scaipeadh eolas pearsanta a bhaineann leat de réir an ráiteas príobháideachta seo agus do thoiligh.
Ba chóir go dtabharfá faoi deara nach bhfuil aon smacht nó dliteanas chugatsa ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le suímh idirlín eile nó cleachtais príobháideachta na suímh seo, san áit go nascann tú chuig suíomh idirlín eile ó shuíomh idirlín Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Trí leanacht ar aghaidh isteach i suíomh idirlín Chomhairle Chontae na Gaillimhe tá tú ag glacadh leis an séanadh seo.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte